Bearbaiciú gan Burgair

Tá an dea-aimsir tagtha agus cá bhfios cén fhad a mhairfidh sé. Táimid ar fad ag cuimhniú ar an mbearbaiciú a tharraingt amach agus cúpla burgair a chaitheamh síos air. Ach sula bhfillfidh tú ar an mairteoil atá go hálainn ach atá dian ar an timpeallacht agus ar an sláinte, féach ar an réimse rudaí feoilséantóireacha ar féidir iad a dhéanamh os cionn bladhma! É sin, nó bíodh siad agat ar an taobh i éineacht le do bhurgair!

Comhábhair
Dóthain do 6

Piobar Ramiro Stuifeáilte le Feta
4 phiobar ramiro
100g feta
ola cócaireachta
salann mara

Cuirséid Griollta le Collchnónna agus Cáis Aibí
500g cuirséad
100g collchnónna
100g cáis aibí (parmiggiano, pecorino, Kylemore Farmhouse Cheese)
ola cócaireachta
salann mara

Cabáiste Gualachgriollta le Síolta Spíosracha
1 cabáiste savoy
100g síolta puimcín
1 ionga gairleoige, gearrtha go mion
50ml ola cócaireachta
1/2 tsp callóga silí
1/2tsp paprika
Ola cócaireachta
Salann Mara

Piobar Ramiro Stuifeáilte le Feta
Seo ceann thar a bheith sciobtha a thaitneoidh le chuile dhuine!

  1. Bain barr na bpiobar agus bain amach aon síolta ón lár.

  2. Gearr an feta ina maidí 1cm, go hiondúil gheobhaidh tú 4 maide as gach bloc ón siopa.

  3. Cuir maide feta isteach i ngach piobar.

  4. Cuimil an taobh amuigh le hola cócaireachta agus scaip salann mara air.

  5. Cócaireáil ar an mbairbiciú te é go dtí go mbeidh go leor spotaí dubha ar an gcraiceann, go mbeidh feoil an phiobair sách bog agus go mbeidh an cháis ag leá. Braitheann an t-am cócaireála go hiomlán ar an mbairbiciú ach tógfaidh sé áit éigin idir 10 agus 20 nóiméad.

Cuirséid Griollta le Collchnónna agus Cáis Aibí
Bunaithe ar oideas de chuid Ottolenghi, seo bealach iontach le fuíollach cuirséad a úsáid má bhíonn siad agat agus oibreoidh sé chomh maith céann le cinn bheaga nó cinn sách mór ach ní mholfainnn é le mearóg, beidh iomarca uisce ann.

  1. In oigheann ag 180C, cuir na collchnónna ag rósta ar feadh thart ar 10 nóiméad, go dtí go mbeidh an craiceann ag teacht dóibh. (Is féidir é seo a dhéanamh am ar bith roimh ré. Tá go leor oideas ar an suíomh seo a úsáideann collchnónna rósta agus is nós liom slam a dhéanamh ag an am céanna agus a stóráil sa bhaile le húsáid nuair a theastaíonn siad.) Gearr go garbh iad agus cuir i leataobh iad.

  2. Bain bun agus barr na gcuirséid agus gearr iad ina slisíní 3/4cm tiubh ó bhun go barr.

  3. Scaip braon ola cócaireachta ar phláta mór agus leag an chuirséad síos air, ag déanamh cinnte go bhfuil clúdach deas ola ar an dá thaobh geartha. Síos leis na slísíní láithreach ansin ar an mbearbaiciú te. Scaoil leo cócaireáil ar feadh idir 3 agus 5 nóiméad an taobh, go dtí go mbeidh línte soiléire donn dorcha orthu. Scaip beagáinín salann mara orthu a fhad agus atá siad ag cócaireáil.

  4. A fhad agus atá siad ag cócaireáil, bain úsáid as scamhaire le sliseoga cáise a ghearradh.

  5. Scaip amach ar phláta na cuirséid agus scaip na collchnónna agus na sliseoga cáise tharstu go fiail

Cabáiste Gualachgriollta le Síolta Spíosracha

Is breá liomsa cabáiste agus bhí sé againn go minic le bágún agus prátaí agus mé ag fás aníos ach cibé cén duine a thug faoi deara céad lá an difir a dhéanann sé beagán dó a dhéanamh air, tá mé go mór faoi chomaoin acu. Mura bhfuil tú ag iarraidh na síolta spíosracha, is álainn an bhealach é seo le cabáiste a chócaireáil cibé.

  1. I bhfiochtán tirim, ar theocht ard, scaip amach na síolta puimpcín. Scaoil leo tóstáil ar feadh thart ar 3 nó 4 nóiméad, go dtí go dtiocfaidh beagán datha orthu. Scaip orthu ansin an paipríce, an salann mara agus na callóga silí agus scaoil leo tóstáil ar feadh nóiméad eile, á chreatha go leanúnach. Laghdaigh an teas go dtí teocht íseal agus cuir isteach an 50ml ola cócaireachta agus an ghairleog. Scaoil leis an ngairleog cócaireáil amach go mall ar feadh thart ar 3 nó 4 nóiméad eile ach ná scaoil leis dó.

  2. Cuir pota mór le go leor uisce agus beagáin salann ar fiuchadh. (Má tá sé i gceist agat an ullmhúchán seo a dhéanamh tamaill sula n-íosfaidh tú, cuir babhla mór uisce fuar in aice leat agus cur an cabáiste isteach ann a luaithe agus a bheidh sé ullamh le é a stopadh ag cócaireáil iomarca. Cuir i leataobh é go dtí go mbeidh an cabáiste le cócaireáil.

  3. Gearr an chabáiste ina 6 chuid ón ngas go dtí an barr, (gearr ina dhá leath é agus gearr gach leath ina 3 dhing). Bain an tsraith garbh duillí ar an taobh amuigh. Fág an gas láidir ann, coinneoidh sé gach rud le chéile.

  4. Leag na dingeacha cabáiste isteach san uisce fiuchta agus scaoil leo cócaireáil ar feadh thart ar 3 nó ceithre nóiméad, go dtí go mbeidh siad ag eirí bog ach gan a bheith ró-bhog. Bain amach as an uisce láithreach iad, leag ar shíothlán iad le scaoileadh leis an uisce draenáil agus tabhair amach ag an mbearbaiciú iad.

  5. Scaip braon ola ar phláta (mar an gcéanna leis an gcuirséad thuas) agus leag na taobhann gearrtha den chabháiste san ola agus síos go beo leo ansin ar an mbearbaiciú te. Bí cúramach, idir ola, uisce agus teas, d’fhéadfadh go mbeidh roinnte gal agus spreachall. Scaoil leo cócaireáil ar feadh idir 3 agus 5 nóiméad an taobh, go dtí go mbeidh línte soiléite donn dorcha orthu. Scaip beagáinín salann mara orthu a fhad agus atá siad ag cócaireáil.

  6. Bain den bearbaiciú iad agus leag amach ar phláta iad, taobhann gearrtha in airde agus scaip na síolta spíosracha ar orthu.