MO

View Original

Cáca Cairéid POTA

An t-am seo den bhliain is deas beagáinín de bhlas na Nollag a chur ar mhilseoga agus úsáid a bhaint as rudaí deasa séasúracha ag an am céanna. Tá an cáca cairéid seo ar an mbiachlár againn i bPOTA le fada agus an-tóir air i gcónaí. Tá an mhodh an-simplí agus is deacair dul amú leis. Úsáideann muid cairéid orgánacha ó Beechlawn Organic Farm i mBéal Átha na Sluaighe.

Comhábhair

(dóthain do 12 slisín mór)
300g siúcra donn demerera
6 ubh
300g im, leáite agus fágtha ag teocht an tseomra
400g plúr donn/caiscíneach
200g rísíní
4tsp púdar bácála
2tsp sóide
2tsp cainéil
1tsp noitmig
500g cairéid grátáilte

Don reoán cáis uachtair
350g cáis uachtair
125g siúcra donn
1 oráiste, craiceann agus sú

MO

  1. Téigh an oigheann go dtí 180C. Líneáil 2 stán bun-scaoilteach 25cm le páipéar bácála.

  2. I mbabhla an mheascóra nó i mbabhla mór measctha, buail le chéile an siúcra donn agus na huibheacha le greadtóir go dtí go mbeidh siad níos éadroma agus níos gile, thart ar an dath chéanna le him.

  3. Doirt isteach an t-im leáite agus lean ort á bhualadh ar feadh 2 nó 3 nóiméad go dtí go mbeidh gach rud measctha le chéile go maith.

  4. I mbabhla eile, criathraigh le chéile an púdar bácála, an sóid agus na spíosraí.

  5. Isteach leo, cuir an plúr, na rísíní agus na cairéid grátáilte. Doirt isteach an meascán uibheacha, siúcra agus im agus fill gach rud le chéile le spadal, ag déanamh cinnte de go bhfuil sé measctha go maith ach ná bain an t-aer ar fad as an gcáca.

  6. Scaip an meascán go cothrom idir an dá stáin agus bácáil ar feadh 25 nóiméad go dtí go dtiocfaidh briogún amach as glan.

  7. Don reoán, cuir na comhábhair ar fad i mbabhla an mheascóra agus ag baint úsáide as an mbuailteoir, measc le chéile iad go dtí go mbeidh sé ina leacht thiubh, mín.

  8. Nuair a bheidh an cáca réidh, bain den stán é agus scaoil leis fuarú ar ghreilleadh fuaraithe.

  9. Nuair a bheidh sé fuar, cuir cáca amháin ar phláta mór. Scaip méid deas fiail den reoán ar a bharr. Leag an dara cáca ar a bharr sin agus arís scaip méid deas reoán air. Maisigh leis an gcraiceann oráiste é.