Cáca, Toirtín, Arán Sóide Donn - Cibé cén t-ainm atá agat air, tá sé simplí a dhéanamh

Cáca, Toirtín, Arán Sóide Donn - Cibé cén t-ainm atá agat air, tá sé simplí a dhéanamh

Tá go leor cainte na laethanta seo ar an ngéarthaosrán agus cineálacha éagsúla aráin ach is aoibhinn liom go fóill filleadh ar an aráin sóide donn. Éascadh é a dhéanamh ach éascadh dul amú. Lean na treoracha seo thíos go cúramach agus beidh leat!

Dóthain do: Buillín amháin

Am: 50-60 nóiméad

Comhábhair
225g Plúr Donn (agus beagáinín níos mó don dustáil)
225g Plúr Bán
5g Sóid Aráin
5g Salann
400ml Bláthach

Fearas
Babhla Mór Measctha
Criathar (nó greadtór mura bhfuil criathar agat)
Trádaire bácála
Scian Fhada
Oigheann

1. Téigh an oigheann go dtí 230°C.

2. Criathraigh na comhábhair tirime (plúr, salann agus sóid) ar fad isteach sa bhabhla measctha. Ná bí buartha mura dtéann gach cuid den phlúr donn tríd an chriathar, caith isteach é ag an deireadh. Is ar mhaithe leis an sóid a scaipeadh go cothrom atá muid á dhéanamh seo. (Mura bhfuil criathar agat, measc gach rud le chéile le greadtóir.)

20200330_093530.gif

3. Sula dtosaíonn tú ag plé leis na comhábhair fliucha cuir beagáinín plúr donn ar an trádaire bácála agus ar an gcuntar faoi do bhabhla.

4. Doirt isteach beagnach an bláthach ar fad, ag coinneaíl beagainín siar ar fhaitíos go mbeadh an meascán rófhluich (beidh sé an-fhluich cibé).

20200330_093925.gif

5. Agus cruth croibh ar do lámh, tabhair le chéile gach a bhfuil sa bhabhla ach ná déan iomarca oibre leis. Tarraing amach gach a bhfuil sa bhabhla ansin ar an dromchla dustáilte le plúr donn.

6. Tá sé tábhachtach gníomhú go gasta ag an bpointe seo. A luaithe agus atá aigéad an bhláthaigh measctha leis an sóid aráin tosaítear ag idirghníomhú lena chéile agus is gá an builín a chur san oigheann a luaithe agus is féidir ansin. Nigh do lámha, triomaigh iad agus tar ar ais láithreach le cruth a chur ar an mbuilín.

20200330_103006.gif

7. Cuir plúr ar do lámha agus tabhair le chéile an bhuilín mar liathróidín beag, á láimhseáil ar nós pilliúirín beag.

8. A luaithe agus a bheidh an plúr tirim ar gach taobh den bhuilín leag ar an trádaire bácála é. Le scian, cuir cros ar a bheidh thart ar 1.5cm domhain.

20200330_123727.gif

9. Cuir an builín san oigheann agus bácáil mar sin é ag 230°C ar feadh 15 nóiméad. Ísligh ansin é go dtí 210°C agus scaoil leis bácáil ar feadh 30 nó 40 nóiméad eile go dtí go mbeidh sé deas éadrom agus bácáilte tríd. Is féidir é a chasadh bun os cionn don 10 nóiméad deireanach le cuidiú leis an mbun bácáil ar bhealach níos fearr más mian leat.