MO
MO
rnag.jpg
bladhaire aine

Anseo tá cuid de na míreanna atá déanta agam i dteannta le hÁine Ní Bhreisleáin ar a clár, Bladhaire, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Here are some of the pieces I’ve done with Áine Ní Bhreisleáin on her show, Bladhaire, on RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Bladhaire: Aráin Leathana le Humas Cairéid Rósta

Labhair mé le hÁine faoin oideas blasta lóin seo atá ina réiteach gasta ar ghanntanas aráin sa teach.

Bladhaire: Píog Cáil agus Cannellini

Labhair mé le hÁine faoi thaosrán briosc-chrústa agus thug mé oideas deas feoilséantóireach di le haghaidh píog cáil agus cannellini.

Bladhaire: Puimcín Rósta agus Cáis ar Thósta

Labhair mé le hÁine faoin gcaoi le puimcín a rósta agus thug mé oideas an-bhlasta di le haghaidh Puimcín Rósta agus Cáis ar Thósta le Dukkah

Bladhaire: Sailéad Biatais agus Cáis Ghabhair le Collchnónna

Labhair mé le hÁine faoin gcoibhneas draíochta le haghaidh blastán sailéad agus thug mé oideas deas blasta di le haghaidh sailéad Biatais agus Cáis Ghabhair le Collchnónna

cinnamon roll

Bladhaire: Rollaí Cainéil agus Úll

Labhair mé le hÁine ar chlár deireanach an tséasúr faoin ngiosta agus bhí oideas deas agam le haghaidh rollaí cainéil agus úll.

frijoles+refritos

Bladhaire: Frijoles Refritos

Labhair mé le hÁine faoin gcaoi le pónairí a chur ar maos agus phléamar oideas deas le haghaidh pónairí athfhriochta.

IMG_20200422_201012.jpg

Bladhaire: Pasta

Labhair mé le hÁine faoin gcaoi le pasta a chócaireáil i gceart agus thug mé oideas deas le haghaidh pastabake simplí blasta.

Audio Block
Double-click here to upload or link to a .mp3. Learn more
IMG_20200421_135919.jpg

Bladhaire: Couscous

Labhair mé le hÁine faoin gcaoi le couscous a ullmhú agus thug mé oideas deas le haghaidh sailéad le couscous, bíotas rósta agus oráiste.

IMG_20200424_161507.jpg

Bladhaire: Biabhóg

Labhair mé le hÁine faoi oidis le biabhóg agus dóigheanna lena chócaráil.

IMG_20200501_133740.jpg

Bladhaire: Glasraí Rósta

Labhair mé hÁine faoin gcaoi le glasraí fréamha a róstáil agus le hanraithí a dhéanamh san oigheann.

brown soda bread

Bladhaire: Arán Sóide Dhonn agus Stobhach Teolaí Pónairí

Labhair mé le hÁine faoi cúpla oideas go bhféadfadh daoine tabhairt fúthu agus níos mó ama acu sa bhaile, ina measc stobhach teolaí pónairí agus arán sóide dhonn.

peisteo+peirsile

Bladhaire: Hummus agus Peisteo

Labhair mé le hÁine maidir le cúpla anlann deas ar feidir iad a dhéanamh ag baint úsáide as comhábhair dúchasacha séasúracha. Hummus bíotais agus peisteo peirsile.

soiliariac

Bladhaire: Anraith Soiliriac agus Súil Siar ar chúrsa Ballymaloe

Labhair mé le hÁine faoin gcaoi ar éirigh liom agus mé i mbun an chúrsa oiliúna in Ballymaloe Cookery school agus thug mé oideas álainn di le haghaidh anraith soiliriac rósta le finéal.

0012b7fd-512.jpg

Bladhaire: MO Food Blog

Labhair mé le hÁine faoin gcaoi ar thosaigh an blag agus m’aistear in earnáil an bhia i gcoitinne.