Carraigeán

OK, seans nach bhfuil sé seo lán comhábhar úr orgánach agus seans nach é an t-oideas is sláintiúla ná is dúshlánaí ach tá sé chomh blasta sin gurbh éigean dom é a chur anseo. Is féidir Carraigeán a cheannach in go leor ollmhargaí anois i gcearnóga réamhghearrtha, ach glac leis uaimse, tá sé seo níos fearr. Tá sé ar fheabhas do bhreithlaethanta páistí nó fiú gearrtha ina gcodanna beaga le haghaidh díolacháin chácaí.

Tháinig an t-oideas seo i dtosach ó bhlagálaí eile, Anna Pfeif. Ar an drochuair níl an blag sin ar fáil a thuilleadh.

Comhábhair:
350g Gnáth-sheacláid Bhainne
100g Im
150g Cadbury's Crunchie
100g Maltesers
50g Marshmallows Beaga

Fearas:
Scian Ghéar
Clár Gearrtha
Babhla nó Crúiscín Teas-Dhíonach (gloine nó miotal)
Pota Beag (is gá go mbeadh sé díreach mór go leor le go suífidh do bhabhla nó do chrúiscín teas-dhíonach air gan bualadh in aghaidh an uisce)
Spadal (déanfaidh spúnóg mhór cúis mura bhfuil spadal agat)
Babhla Mór Measctha
Páipéar Bácála
Scannán Cumhdaigh

MO
1. Sa phota beag, fiuchaigh orlach uisce agus fág ag suanfhiuchadh é.

2. Gearr an t-im ina chiúbaí, bris an tseacláid as a chéile agus cuir na comhábhair seo i do mhias theas-dhíonach.

3. Leag an mhias theasdhíonach ar bharr an phota. I ndiaidh nóiméid nó dhó, tosóidh do chuid seacláide agus ime ag leá. Lean ort á gcorradh go mbeidh an tseacláid agus an t-im beagnach leáite ar fad agus measctha le chéile go maith. (Níor mhaith leat go n-éireodh an meascán beagáinín gráinneach ach má tharlaíonn sin, ná bí buartha.) Bain den teas é agus fág i leataobh é le fuarú beagáinín.

(Is féidir é seo a dhéanamh sa mhicreathonn ach oiread, díreach téigh an meascán, bain agus corraigh é, téigh arís é agus lean ort leis seo go dtí go mbeidh sé ar fad leáite agus measctha le chéile.).

4. Gearr an Crunchie ina phíosaí 1cm ar fad agus cuir i leataobh é.

5. Cuir na Maltesers, na marshmallows (ag coinneáil dornáin don mhaisiú), an Crunchie gearrtha agus an tseacláid leáite isteach i mbabhla mór measctha agus measc le chéile iad le spadal.

6. Línigh stáin bhuillín le páipéar bácála, á bhrú isteach sna cúinní. Ná bí buartha má sheasann sé amach arís beagáinín, suífidh sé i gceart agus é líonta.

7. Doirt an meascán isteach sa stáin línithe agus brúigh síos é go mbeidh sé réidh. Déan cinnte go mbrúifidh tú isteach sna cúinní i gceart é. Cuir sa reoiteoir é ar feadh 15 nóiméad.

8. Bain an stáin den reoiteoir. Ba cheart go mbeadh an meascán sách crua anois. Scaip an chuid eile den tseacláid leáite thar bharr an chairreagáin, ag déanamh iarrachta gan é a mheascadh leis an méid atá faoi. Maisigh le marshmallows é. Clúdaigh le scannán cumhdaithe é agus cuir sa reoiteoir é go dtí go mbeidh tú réidh le hé a ithe.

Nod: Bain úsáid as scian, téite in uisce fiuchta, leis an ngearradh a dhéanamh níos fusa.