Aráin Leathana le Humas Cairéid Rósta

MO

dóthain do 4
am: 1 uair an chloig

Comhábhair
Do na haráin leathana
200g plúr éiritheach
150g iógairt nádúrtha
salann
1tsp ola olóige

Don humas
240g piséanach cócaireáilte (canna 400g gan uisce)
300g cairéad
2 ionga gairleoige, gearrtha go mion
80g tahini geal
150ml ola olóige
2tsp paipríce
2tsp síolta cuimín
2tsp síolta lus na coire
1 liomóid (don sú)
salann

Iógairt agus duillí deas le é a mhaisiú.

Fearas
Próiseálaí bia nó cumascóir láimhe

Is bealach álainn é seo le casadh Éireannach a chur ar oideas mheán-oirthearach. Mairfidh na haráin lá nó dhó má tháid stóráilte i gceart ach is fearr liom féin an taosrán a choimeád sa chuisneoir ar feadh 2 nó 3 lá agus iad a chócaireáil úr. Is bealach deas é an íogairt a úsáid ag an deireadh le gearradh tríd milseacht na gcairéad. D’fhéadfá na haráin seo a ghearradh suas ach an oiread agus iad a thumadh sa humas mar sneaic.

  1. Tosaigh leis na cairéid. Ní gá fiú an craiceann a bhaint dóibh a fhad agus atá siad glan. Bain bun agus barr dóibh agus gearr iad ina gciúbaí 1.5cm. Measc le chéile i mbabhla iad le 50ml den ola síol ráibe, na spíosraí ar fad agus beagáinín salainn. Scaip amach ar thrádaire bácála iad agus doirt 50ml uisce isteach leo. Clúdaigh an trádaire le trádaire eile nó le scragall stáin agus isteach leo san oigheann ar feadh 35-45 nóiméad ag 180C go dtí go mbeidh siad deas bog. Is féidir an clúdach a bhaint don 10 nóiméad deireanach mura bhfuil aon dath tagtha orthu faoin dtráth sin.

  2. Don taosrán, déan gach rud a mheascadh le chéile i mbabhla measctha le do lámha. Ba cheart go mbeadh an babhla glan agus go mbeadh taosrán atá beagáinín greamaitheach ach gan a bheith an-fhliuch agat ag an deireadh. Clúdaigh an babhla agus cuir sa chuisneoir é ar feadh leathuair an chloig.

  3. Nuair a bheidh na cairéid ullamh cur sa phróiseálaí bia gach a bhfuil sa trádaire (na cairéid, an ola agus na spíosraí). Bain úsáid as spadal leis an oiread agus is féidir de na spíosraí áille rósta sin a thabhairt leat. Isteach leo cuir na comhábhair uile eile don humas. Déan gach rud a chumasc go maith ach níl tú ag iarraidh é a bheith go hiomlán mín. Is deise i bhfad é má bhíonn beagáinín uigeachta ann. Cuir níos mó salainn nó sú liomóide leis de réir mar a thaitníonn sé leat.

  4. Cuir friocthán mór ag téamh ar mheán-teocht ar an sorn. Gearr an taosrán ina cheithre chuid agus cuir cruth cruinn orthu cosúil le scónaí beaga. Scaip plúr ar an gcuntar agus rollaigh amach an chéad cheann go dtí go mbeidh sé thart ar 5mm tiubh agus 20cm leathan rith an bhealaigh timpeall.

  5. Leag síos ar an bhfriochtán te é. Scaoil leis cócaireáil ar thaobh amháin ar feadh thart ar 3 nóiméad. Cas bun os cionn é agus scaoil leis cócaireáil ar feadh thart ar 2 nóiméad eile. Beidh sé réidh nuair a bheidh sé cócaireáilte tríd agus spotaí deasa dorcha air in áiteanna. Déan iarracht gan é a chócaireáil iomarca nó beidh sé brioscánach agus tirim seachas deas bog. Cuir ar phláta é agus clúdaigh le taetuáille é. Lean ort agus déan an cuid eile a chóiceaireáil ar an dóigh céanna. Is féidir ceann a rollú a fhad agus atá ceann ar an sorn.

  6. Scaip humas cairéad go fiail ar na haráin. Scaip beagáinín iógairt tharais agus cuir dornán duillí roicéid i lár báire.