Cúla4 ar Scoil: Breis agus 10,000 tar éis féachaint ar na hoidis ar YouTube

Cúla4 ar Scoil: Breis agus 10,000 tar éis féachaint ar na hoidis ar YouTube

Le freastal ar pháistí agus iad sáinithe sa bhaile, d’oibrigh mé le Meangadh Fíbín agus le Cúla4 le sraith gearrfhíseáin a chur le chéile d’oideas simplí spraíúla. Craoladh na míreanna seo mar chuid den tsraith scolaíochta baile ar TG4, Cúla4 ar Scoil. Os rud é go raibh an tír i lár an tréimhse dianghlasála rinne mé na míreanna seo a léiriú, a thaifeadadh agus a chur in eagar go hiomlán liom féin sa bhaile.

Tá breis agus 50 oideas forbartha le haghaidh Cúla4 anois. Gan amhras craoladh ar an teilifís iad mar chuid den tsraith Cúla4 ar scoil ar TG4 ach anuas air sin cuireann foireann Cúla4 ar fáil iad ar líne. Tá mé iontach sásta leis an tóir atá orthu. Tá breis agus 10,000 tar éis breathnú ar na hoidis ar YouTube go dtí seo, gan chaint ar an líon daoine a bhreathnaigh orthu ar Facebook, ar Instagram agus ar ardáin eile ar líne.

Caithim an-dua ag déanamh cinnte de go bhfuil an oiread céimeanna de na hoidis seo sábháilte do pháistí bunscoile agus is féidir le gur féidir leo páirt a ghlacadh i ngach aon chuid den phróiseas déantúsaíochta bia. Cloím oiread agus féidir liom freisin leis na bunluachanna atá agam féin ó thaobh an bhia de. Is iad sin go mbeadh sé áitiúil, órgánach, séasúrach agus inmharthana. Na luachanna céanna is atá luaite agam le mo chaife féin, POTA, a bheidh lonnaithe i mBaile na hAbhann, i gConamara. Mar sin is ó sholáthraithe áitiúla orgánacha is mó a fhaighim na comhábhair a úsáidim sna hoidis rud a thacaíonn leis an ngéilleagar áitiúil agus a chabhraíonn le daoine eile amhlaidh a dhéanamh nuair a dhéantar aithris orthu sa bhaile.

Tá na físeáin seo ar fad le fáil ar YouTube agus táid cruinnithe le chéile agam in aon áit amháin ar an suíomh seo freisin anseo nó is féidir cliceáil ar nasc ar bith anseo thíos.

Péisteanna Pasta
Frittata
Cáca Úll
Arán Sóide Donn
ChocoBanano
Píotsa Gasta
Cáca Cáise Neamhbhácáilte
Cáca Tuinnín
Quesadilla
Reoiteoga Iógairt
Flapóga
Anraith Cairéad Spíosraithe
Subh
Burgair Biatais
Donnóga
Barraí Úill
Brioscaí Collchnónna
Rollaí Ispíní
Múslaí Bircher
Ceibeab Sicín
Báca Pasta
Meireang Nollag
Brioscaí Nollaig
Muifíní Piorra Spíosraithe
Uibheacha agus Saighdiúirí
Ramen
Líreacháin Choirte
Samosas
Mús Seacláide
Iasc en Papillote
Soirbéad Mandairín

Tá mé thar a bheith buíoch d’fhoireann Fíbín agus d’fhoireann Cúla4 as an tacaíocht agus an deis seo a chur ar fáil dom mo chuid oideas a roinnt trí mheán na Gaeilge.