Pióg Croíúil Cannellini agus Cáil

MO

dóthain do 8
am: 1.5 uair an chloig
ullmhúcháin: 45 nóim
cócairéail 45 nóim

Comhábhair
200g lintilí glasa
50g ime
1 oinniún, gearrtha go mion
2 ionga gairleoige, gearrtha go mion
240g pónairí cannellini (canna 400g, gan uisce)
1 gas maróis, duillí bainte agus gearrtha go mion
50g gnáthphlúr bán
500ml stoc glasraí te
150g cáil (gan gasanna) stiallta

Don taosrán
300g gnáthphlúr bán
150g im fuar
60ml uisce fuar
1 ubh buaillte don snas

Fearas
Stán inscaoilte 22cm

Is aoibhinn liom pióga a dhéanamh ar an dóigh seo. Iad a bheith breá domhain agus breá fóinteach. D’oibreodh sé seo le spionáiste ach oiread ach cál a bhí ar chúl an tí againn mar sin cál a d’úsáid mé.

  1. Gearr an t-im ina gciúbaí agus déan é a chumasc leis an bplúr i bpróiseálaí bia ar feadh cúpla soicind go dtí go mbeidh cuma air cosúil le grabhróga aráin. (Mura bhfuil próiseálaí bia agat, déan an t-im a ghrátáil isteach sa phlúr agus cuimil isteach ansin é le do mhéara. Ná déan iomarca oibre air nó éireoidh an t-im bogthe agus gréiseach.) Measc an tuisce fuar isteach, spúnóg bord ag an am go dtí go dtiocfaidh sé ar fad le chéile ach gan é a bheith ró-ghreamaitheach.

  2. Bris ina dhá cuid é. Bíodh píosa amháin 2 oiread chomh mór leis an bpíosa eile. Cuir cruth cruinn orthu cosúil le rothaí beaga thart ar 2cm tiubh, clúdaigh iad agus cuir sa chuisneoir iad.

  3. Téigh an oigheann go dtí 180C/160 le gaothrán/Gas 5.

  4. Cuir na lintilí glasa i bpota beag agus clúdaigh go maith le huisce fuar iad. Tabhair chun fiuchta iad agus scaoil leo cócaireáil ar feadh thart ar 10 nóiméad go dtí go mbeidh siad deas bog ach plaic a bheith fágtha iontu go fóill.

  5. I bpota eile atá measartha mór, ar theocht íseal, leáigh an t-im agus cuir na hoinniúin, an ghairleog agus an maróis ag friochadh ann go mall go dtí go mbeidh sé deas bog. Tógfaidh sé idir 5 agus 10 nóiméad.

  6. Ansin cuir isteach an plúr agus déan é a chócaireáil amach ar feadh 2-3 nóiméad eile.

  7. Cuir isteach an cál agus na pónairí agus doirt an stoc te tharstu. Corraigh gach rud le chéile go dtí go mbeidh an cáil cócaireáilte go hiomlán agus an t-anlann ag éirí deas fóinteach. Tógfaidh sé thart ar 5 nóiméad. Cuir i leataobh é le fuarú.

  8. Bain an taosrán den chuisneoir. Scaip beagáinín plúir ar an gcuntar agus rollaigh amach ina chiorcal é go dtí go mbeidh sé 7cm níos mó ná an stán bácála rith an bhealaigh timpeall agus thart ar 1mm tiubh.

  9. Go deas cúramach leag an taosrán síos isteach sa stán bácála. Ba chóir go mbeadh sé chomh hard le himeall an stáin go fóill. Líon leis an meascán pónairí agus cáil é.

  10. Rollaigh amach an dara píosa taosrán go dtí go mbeidh sé thart ar 2cm níos mó ná an stán bácála ar gach taobh agus thart ar 1mm tiubh. Leag anuas ar an meascán é agus taobh istigh de na ballaí atá cruthaithe agat leis an mbun.

  11. Brúigh an dá phíosa taosráin le chéile in aghaidh taobhanna an stáin agus ansin gearr den phíog é thart ar 1cm os cionn barr an mheascáin. Fill anuas ar bharr an phíog agus bain úsáid as forc le é a bhrú síos go cúramach. Cuir poill ar fud an clúdach leis an bhforc le scaoileadh leis an ngal. Bain úsáid as scuab taosráin le snas a chur air agus bain úsáid as taosrán ar bith atá fágtha le cruthanna deasa a ghearradh amach freisin le é a mhaisiú.

  12. Isteach leis san oigheann ar feadh 10 nóiméad ag 180C agus ansin ísligh an teocht go dtí 160C agus scaoil leis bácáil ar feadh 30-35 nóiméad eile go dtí go mbeidh dath deas donn-óir ar an taosrán.

  13. Bain amach é, oscail an stán agus scaoil leis fuarú beagáinín sula mbainfidh tú den bhun é. Ná bí buartha, fanfaidh sé breá te istigh!