Pióg Fóinteach Éisc in aon Phota Amháin

Má tá tú sa tóir ar oideas breá simplí agus fóinteach le haghaidh pióg éisc atá saor ó ghlútan, seo é! Bí cinnte go bhfuil méid áirithe iasc deataithe sa mheascán éisc a úsáidfidh tú, cuirfidh sé go mór leis an mblas a bheidh ar an anlann (féach céim 7).

Comhábhair
1 oinniúin mór, gearrtha go mion
1 ionga gairleoige, gearrtha go mion
100g im
100ml fíon geal
1kg fataí, craiceann bainte, gearrtha ina gciúbaí 1.5cm
400ml bainne
100ml uachtar
400ml stoc éisc (nó stoc sicín má tá tú i sáinn)
500g éisc (meascán seabhdar) le hiasc deataithe ann (ciúbaí 2cm nó mar sin)
Salann

Dóthain do 4

  1. Téigh an oigheann go dtí 180C/170C le gaothrán/Gas 4

  2. I bpota beag atá feiliúnach don oigheann cuir 800g de na fataí. Clúdaigh le huisce fuar iad. Caith isteach gráinnín salainn, tabhair chun fiuchta iad agus scaoil leo cócaireáil ar theocht ard ar feadh thart ar 10 nóiméad go dtí go bhfuil sé éasca iad a bhriseadh in aghaidh taobh an phota. A fhad agus atá siad ag cócaireáil, ullmhaigh na comhábhair eile.

  3. Bain amach an t-uisce ó na prátaí, caith isteach 50g ime, gráinnín salainn agus 100ml bainne. Déan an rud ar fad a chumasc le cumascóir láimhe. Bain amach as an bpota é agus cuir i leataobh é áit éigin nach bhfuaróidh sé go róghasta. (Más mian leat é a phíobú, cuir isteach sa mhála píobaithe anois é).

  4. Leáigh an t-im ar theocht íseal sa phota agus déan an oinniún agus an ghairleog a bhogú ann ar feadh 4 nóiméad agus claibín ar an bpota. 

  5. Bain an claibín agus caith isteach an fíon gheal. Ardaigh an teocht agus scaoil leis an bhfíon ar fad, beagnach, imeacht. Tógfaidh sé thart ar 2 nóiméad.

  6. Caith isteach na prátaí amha atá fágtha (200g) agus anuas orthu doirt isteach 100ml uachtar, 300ml bainne agus an stoc éisc. Tabhair chun fiuchta é agus scaoil leis cócaireáil go bog go dtí go mbeidh sé éasca na prátaí a bhriseadh in aghaidh imeall an phota (thart ar 15 nóiméad). Bí cúramach, déan cinnte an mhias a chorradh go rialta nó scalfaidh sé ar bhun an phota.

  7. Caith isteach 50g iasc deataithe ón meascán seabhdair. Ní thógfaidh sé ach 2 nóiméad nó mar sin ar an iasc cócaireáil. Déan an meascán seo ar fad a chumasc leis an gcumascóir láimhe. 

  8. Cuir an cuid eile den iasc isteach sa leacht. Clúdaigh gach rud leis na prátaí brúite agus cuir an corcán isteach san oigheann gan chlaibín ar feadh thart ar 15 nóiméad go dtí go mbeidh dath deas ag teacht ar imeall na bprátaí.