Diúilicíní le Sceallóga (Moules Frites)

MO

dóthain do 2
am: 40 nóim
ullmhúcháin: 10 nóim (ag braith ar a ghlan is atá na diúilicíní)
cócairéail: 30 nóim

Comhábhair
800g prátaí (3 nó 4 práta mór)
1 oinniún
2 ionga gairleoige
1kg diúilicíní (glanta, féasóg bainte)
150ml uachtar
150ml fíon geal
dornán beag peirsile, gearrtha go mion
ola olóige
salann
aráin leis an anlann a shú ag an deireadh

Tá an t-oideas seo millteanach gasta agus iontach blasta. Is álainn an bhealach é le húsáid a bhaint as diúilicíní dúchasacha na hÉireann. Dá mba mhian leat é a bheith níos dúchasaí fós d’fhéadfá ceirtlis a úsáid in áit na fíona agus ola síol ráibe a úsáid in áit ola olóige. Gan amhras, d’fhéadfá na sceallóga a dhomhainfhriochadh ach an oiread ach tá treoir anseo agam le hiad a dhéanamh san oigheann.

Nóta: Is gá a bheith cúramach le sliogéisc os rud é gur féidir leis droch-nimhniú bia a thabhairt duit. Nuair atáid socar osclóidh diúilicíní atá beo ach, má bhuailean tú in aghaidh dromchla crua iad, ba chóir go ndúnfaidis arís go mall. Mura ndúnann diúilicín tá sé marbh. Caith amach é. Coinnigh sa chuisneoir iad ach ná bíodh siad in soitheach nó mála atá go hiomlán dúnta nó tachtfar iad. Is gá dóibh beagáinín análaithe a dhéanamh. Gan amhras, is é is úra atá siad is é is fearr é.

  1. Cuir an oigheann ag téamh go dtí 200C/180C le gaothrán/Gas 6.

  2. Gearr na prátaí ina sceallóga tanaí (thart ar 1/2 cm tiubh). Isteach leo i mbabhla mór agus doirt 2 nó 3 spúnóg boird ola olóige tharstu. Measc timpeall go maith iad sa bhabhla le go mbeidh siad clúdaithe go maith leis an ola.

  3. Scaip amach ar thradairí bácála iad, ag cinntiú nach bhfuil siad ró-bhrúite. Scaip beagáinín salainn orthu agus isteach leo san oigheann ar feadh thart ar 30 nóiméad. Ní gá go mbeadh an oigheann iomlán téite sula gcuirfidh tú isteach iad. Déan iad a chrith agus a bhogadh timpeall cúpla uair le linn an tréimhse seo.

  4. Cuir spúnóg boird ola olóige ag téamh ar mheán-teocht i pbota breá mór. Gearr an oinniúin go han-mhion agus cuir ag bogadh é le claibín ar an bpota. Níl tú ag iarraidh mórán datha a chur air, díreach é a dhéanamh deas bog agus milis.

  5. A fhad agus atá an oinniún ag cócaireacht gearr an ghairleog go mion. Isteach leis ar bharr an oinniúin agus déan iad ar fad a fhriochadh ar feadh dhá nó trí nóiméad eile. Bain gach rud amach as an bpota agus cuir i leataobh iad. Ná bíodh aon rud fágtha sa phota nó dófaidh sé sa chéad chéim eile.

  6. Cuir an pota ar ais ar an sorn agus ardaigh an teocht. Scaoil leis an bpota tirim éirí breá te. Caithfidh tú gluaiseacht go gasta don chéad chéim eile mar sin bíodh na diúilicíní agus an fíon in aice láimhe agus réidh agat.

  7. Caith na diúilicíní isteach sa phota te go gasta ach bí cúramach. Tiocfaidh gal anuas astu mar gheall ar an leacht a bheidh leo. Láithreach bonn doirt an fíon isteach leo agus cuir claibín ar an bpota. Tógfaidh se thart ar 2 nó 3 nóiméad ar an diúilicíní cócaireáil mar seo agus laghdóidh an fíon cuid mhór freisin. Tabhair corr chreathadh don phota le linn an ama le go mbeidh spás ag na diúilicíní oscailt. Ná bain an claibín go ró-mhinic nó scaoilfidh tú amach an gal agus an teas uile. Nóta: Mura n-osclaíonn diúilicín ar bith tar éis 3 nóiméad cócaireála ar theocht deas ard ná hith é. D’fhéadfadh go bhfuil sé marbh.

  8. Nuair a bheidh na diúilicíní ar fad oscailte, rud a chiallaíonn go bhfuil siad cócaireáilte agus slán le hithe, doirt isteach an uachtar ar a bharr agus corraigh isteach an oinniún agus an ghairleog freisin chomh maith le beagáinín salainn.

  9. Scaoil leis seo ar fad téamh agus ansin scaip idir dhá bhabhla mór é. Scaip an peirsil tharais agus ith leat i dteannta leis na sceallóga.