Buatais Bhiatais

Buatais Bhiatais 

Comhábhair
do 6

500g biatas (craiceann bainte)
1 cairéad (100g)
1 oinniúin (100g) (craiceann bainte)
1 ionga gairleoige (craiceann bainte)
1 bata soilire (100g) (duillí bainte)
1 bleibín finéil (150g)(duillí bainte)
½ caineann mór (nite, más gá)
2 tsp cainéal 
1 tsp noitmig
3 spb anlann Worcestershire (leagan véigeánach ag Goodalls)
10g peirsil (duillí bainte agus gearrtha go garbh)
Ola olóige

150g lintilí glasa
1 duilleog labhrais

100g coirce

320g puththaosrán (tá leaganacha véigeánacha ar fáil)    
1 ubh (nó ola olóige más fearr leat é a choinneáil véigeánach)
1 tsp síolta finéil
Salann & piobar

Ná caith amach na codanna den chairéad, den soilire, den oinniúin, den pheirsil ná den ghairleog i ndiaidh duit iad a ghrátáil. Cuirfidh siad le blas na lintilí agus tú á chócaireacht.

  1. Téigh an oigheann go dtí 200C/180C Gaothrán/Gasmharc 5

  2. Gearr 250g den na biatais ina gciúbaí beaga 1cm. Cuir i mbabhla beag iad le braoinín ola, 1/2tsp síolta finéil agus gráinnín salainn. Measc gach rud le chéile go maith agus cuir san oigheann iad ar thádaire bácála clúdaithe le trádaire eile ar feadh 25-35 nóiméad, go dtí go dtéann briogún glan tríothu.

  3. A fhad agus atá siad ag róstáil, isteach i mbabhla mór measctha, grátáil an cuid eile de na biatais, an cairéad, an oinniún, an soilire , an ghairleog agus an finéal. 

  4. I bpota ar mheán-mhéid téigh braoinín ola ar mheán-teocht. Caith isteach na síolta finéil, an cainéal agus an noitmig chomh maith le gach rud atá grátáilte le chéile agat leis agus déan iad a chócaireacht le chéile, á chorradh go leanúnach, ar feadh 5 nóiméad. Nílimid ag iarraidh dath a chur orthu, díreach iad a chócaireáil amach beagáinín. Cuir ar ais isteach sa bhabhla measctha iad. 

  5. Gearr an caineann síos fad an ghlasra agus bain na sraitheanna as a chéile. Tá dóthain de uait le hachar 40cm x 20 cm a chlúdach. Mar sin, má tá sé mór, seans nach mbeidh uait ach 12 píosa ach beidh breis agus 20 uait má tá sé beag. 

  6. Ná glan an pota. Líon ¾ den bhealach le huisce é. Cuir isteach ann na codanna den chairéad, den soilire, den oinniúin, den pheirsil agus den ghairleog a choinnigh tú (d’fhéadfá iad a chur i mála muislín) chomh maith leis an duille labhrais agus na lintilí féin agus tabhair an t-uisce chun fiuchta. Cócaireáil ar feadh 15-20 nóiméad iad go dtí go mbeidh siad go deas le plaic a bhaint astu. 2 nóiméad sula mbeidh siad réidh, caith na píosaí caininn isteach leo agus scaoil leo cócaireáil faoin uisce. Bain amach an caineann. Scag trí chriathar an cuid eile atá sa phota  agus bain amach rud ar bith nach lintil é. 

  7. Caith na lintilí isteach leis na glasraí grátáilte. Cuir isteach an coirce, na duilí peirsle agus an t-anlann Worcestershire agus measc gach rud le chéile go maith. Cuir salann agus piobar leis agus blaisigh leat go mbeidh tú sásta leis. 

  8. Leag an puththaosrán amach ar pháipéar bácála (má cheannaigh tú é, is féidir an páipéar ina dtagann sé a úsáid). Leag na píosaí caininn amach air ag fágáil 2 cm gan chlúdach rith an bhealaigh timpeall.

  9. Scaip an meascán glasraí agus lintilí go cothrom ar an gcaineann agus leag na biatais rósta in sraith amháin síos i lár báire. 

  10. Buail an ubh go maith le forc i gcrúiscín beag agus bain úsáid as scuab taosráin le himill uile an taosráin a phéinteáil. (nó bain úsáid as uisce le go mbeidh sé véigeánach).

  11. Tabhair dá thaobh leathan an taosráin le chéile i lár báire tharais an líonadh, le trasnú de thart ar 1cm, agus brúigh le chéile iad go cúramach. Ansin cuir beagáinín uibhe ar an dá thaobh chúng, fill isteach iad agus brúigh síos iad go cúramach freisin.

  12. Cas an rud ar fad bun os cionn go cúramach ar an bpáipéar bácála. Cuir snas ar gach cuid de leis an ubh. Cuir cúpla poll beag ann le scaoileadh leis an ngal éalú. Scaip an cuid eile de na síolta finéil air agus isteach leis san oigheann ar thrádaire bácála ar feadh 20-25 nóiméad go dtí go mbeidh dath deas donn-óir air.