Bachlóga Bruiséile Rósta le Collchnónna

Bachlóga Bruiséile Rósta le Collchnónna

Comhábhair
500g bachlóga bruiséile
50g im
25g collchnónna

Bain úsáid as trádaire deas mór bácála do na bachlóga. Táimid ag iarraidh iad a rósta seachas iad a stiúáil. Má tá tú faoi bhrú ama, d’fhéadfá na collchnónna amha a ghearradh suas agus díreach a chaitheamh iseach leis na bachlóga agus tú á róstáil seachas iad a róstáil leo féin.

  1. Téigh an oigheann go dtí 200/180/Gas 5 le gaothrán. 

  2. Scaip na collchnónna ar an trádaire bácála agus cuir san oigheann iad ar feadh 5 nóiméad ar a mhéid, go dtí go dtosóidh an craiceann ag teacht dóibh ach ná scaoil leo dó. Cuir isteach in tuáille tae iad agus fill taobhanna an tuáille tharstu. Cuimil ansin iad tríd an tuáille ar feadh cúpla soicind. Feách orthu, agus má tá formhór an chraiceann bainte, bain amach as an tuáille iad agus caith an chraiceann sa bhruscar.

  3. Leag amach ar chlár gearrtha iad agus clúdaigh arís iad leis an tuáille. Buail go láidir iad le crann fuinte nó le bun pota nó frioctháin le hiad a bhriseadh beagáinín.

  4. Cuir an t-im ar an trádaire bácála te le go leáfaidh sé agus go scaipfidh se amach go cothrom.

  5. Gearr an gas láidir de bhun gach bachlóg agus gearr ina dhá leath iad. Cuir sa trádaire bácála iad. Má tá siad an-mhór, gearr ina cheathrúnna iad.

  6. Isteach leis an trádaire san oigheann agus déan iad a róstáil ar feadh 15-20 nóiméad go dtí go mbeidh dath deas carmlaithe ag teacht ar na bachlóga.