Hais le Bachlóga Bruiséile, Putóg Dhubh agus Ubh Scallta

Hais le Bachlóga Bruiséile, Putóg Dhubh agus Ubh Scallta

Seo an dara oideas in sraith atá á chur le chéile agam ag baint úsáide as comhábhair NeighbourFood na Tulaí. Is é an sprioc atá le NeighbourFood ná rochtain a thabhairt don phobal áitiúil ar tháirgí de chuid na dtáirgeoirí áitiúla. Freisin tugann sé deis do na táirgeoirí sin a cuid táirgí a dhíol ar phraghas cuí agus iad ag fáil 80% den airgid a íocann an custaiméir ar an suíomh.

Is bealach inmharthana é NeighbourFood leis an bpobal a thabhairt le chéile le cinntiú go mbeidh fáil ar bhia ar ardchaighdeán sa cheantar agus tá na hoidis seo ag teacht leis na spriocanna sin agus táid an-bhlasta freisin.

MO

Hais le Bachlóga Bruiséile, Putóg Dhubh agus Ubh Scallta

Comhábhair
in aghaidh an duine

1 práta ar mheánmhéid (thart ar 200g)
100g bachlóga bruiséile
100g putóg dhubh
1 ubh
1tsp callóga feamainne

Don pheisteo
40g duillí peirsle
1 ionga gairleoige meilte
20g collchnónna tóstáilte
20g cáis Kylemore Farmhouse grátáilte
1spb finéagar ceirtleise
50ml ola síol ráibe
Salann
1tsp callóga feamainne

Seo mias a bhíodh ar an mbiachlár go rialta againn in House Café i gCathair Chorcaí agus mé ag obair ann. Bíonn an bunchlocha céanna ann i gcónaí, prátaí, glasán éigin, cineáil éigin feola agus ubh scallta. D’athródh na comhábhair ag braithe ar an séasúr, Mar sin, seo ceann atá cumtha agamsa d’aimsir na Nollag.

  1. Gearr an práta ina gciúbaí 1cm. Cuir i bpota beag é le beagáinín salann, clúdaigh le huisce fuar é agus tabhair chun fiuchta é. Scaoil leis cócaireáil ar feadh 5-10 nóiméad go dtí go mbeidh sé cócaireáilte ach gan a bheith ag briseadh as a chéile. Má bhíonn sé ró-chócaireáilte beidh tú céasta ar ball.

  2. Bain gasanna crua na mbachlóga agus gearr gach ceann acu ina cheathrúnna. Má tá siad an-mhór, gearr ina 6 chuid iad.

  3. Gearr an putóg ina gciúbaí 1cm.

  4. Leis an bpeisteo a dhéanamh, déan na comhábhair ar fad a chumasc le chéile i gcumascóir. Más ag baint úsáide as cumascóir láimhe atá tú, déan na collchnónna a bhriseadh suas beagáinín ar dtús.

  5. Leis na huibheacha a scalladh Líon pota atá measartha mór le huisce agus cuir ag fiuchadh é ar theocht ard. Ba mhaith leat an t-uisce a bheith idir 10 agus 15 cm domhain agus an pota a bheith thart ar 20cm leathan. Cuir 1spb finéagar fíon geal agus 1tsp salann san uisce.

  6. Téigh friochtán mór ar theocht measartha ard agus cuir braon deas ola isteach ann. Caith isteach an phutóg dhubh agus friochaidh ar gach taobh é go dtí go mbeidh imeall deas ag teacht ar. Thart ar 2-3 nóiméad.

  7. Caith isteach na bachlóga agus lean ort ag friochadh go dtí go mbeidh beagáinín datha ag teacht ar na himill orthu sin freisin. Tógfaidh sé thart ar 2-3 nóiméad arís.

  8. Isteach leis na prátaí agus friochaigh leat ar feadh 2-3 nóiméad eile go dtí go mbeidh imeall na bprátaí ag éirí níos brioscánaí freisin. 

  9. A fhad agus atá na prátaí ag friochadh corraigh an t-uisce sa phota i gciorcal le guairneáin a dhéanamh. Bris ubh isteach i lár báire. (Nod: Mura bhfuil tú compórdach ag cur do lámha chomh ghar sin don uisce the, bris an ubh isteach i mbabhla beag agus doirt uaidh sin isteach sa phota é.) Cuir amadóir ar siúl le haghaidh 3 nóiméad. 

  10. Sula a mbainfidh tú den fhriochtán é, corraigh 1tsp peisteo agus 1 tsp callóga feamainne tríd an méid atá sa fhriochtán. Leag amach ar phláta é agus cuir an ubh scallta ar an mbarr. Cuir taespúnóg eile den pheisteo ar bharr an ubh.