Sailéad le Cáis Ghabhair Árann, Biatas Rósta agus Collchnónna

Sailéad le Cáis Ghabhair Árann, Biatas & Collchnónna

Seo an chéad oideas in sraith atá á chur le chéile agam ag baint úsáide as comhábhair NeighbourFood na Tulaí. Is é an sprioc atá le NeighbourFood ná rochtain a thabhairt don phobal áitiúil ar tháirgí de chuid na dtáirgeoirí áitiúla. Freisin tugann sé deis do na táirgeoirí sin a cuid táirgí a dhíol ar phraghas cuí agus iad ag fáil 80% den airgid a íocann an custaiméir ar an suíomh.

Is bealach inmharthana é NeighbourFood leis an bpobal a thabhairt le chéile le cinntiú go mbeidh fáil ar bhia ar ardchaighdeán sa cheantar agus tá na hoidis seo ag teacht leis na spriocanna sin agus táid an-bhlasta freisin.

MO

Comhábhair
do bheirt

2 bhiatas ar mheánmhéid 
20g collchnónna
6 liathróid cáise gabhair le duileasc
150g duilí sailéid

Don bhlastán 
30ml finéagar ceirtleise 
60ml ola síol ráibe
1tsp subh cútha chraobh 
1tsp callóga mara
Salann

Don Pané 
50g gnáthphlúr bán
1 ubh
40g grabhróga aráin
1tsp callóga mara 

Is fiú an dara pané a dhéanamh anseo, go háirithe más sa domhainfhriochtán atá tú chun an cháis a chócaireáil ionas nach n-éalóidh sé tríd. Is fearr liom féin an biatas a róstáil iomlán don oideas seo ach má deifir ort, d’fhéadfá an craiceann a bhaint agus é a ghearradh ina gciúbaí le go róstálfaidh sé níos tapúla. 

  1. Téigh an oigheann go dtí 180C/160C Gaothrán/Gasmharc 4. Téigh an domhainfhriochtán go dtí 180C.

  2. Cuir braon ola i dtrádaire, cuir na biatas síos air agus scaip beagáinín salann orthu. Clúdaigh le trádaire eile den mhéid chéanna iad le nach n-éalóidh an gal agus cuir san oigheann iad ar feadh 45-60 nóiméad, go dtí go dtéann briogún glan tríothu.

  3. Cuir na collchnónna ar thrádaire beag agus cuir san oigheann iad ar feadh 5 nóméid ar a mhéid. Coinnigh súil ghéar orthu.  Ba cheart go dtosódh an craiceann ag teacht dóibh ach ná scaoil leo dó. 

  4. Cuir isteach in tuáille tae iad agus fill taobhanna an tuáille tharstu. Cuimil ansin iad tríd an tuáille ar feadh 30 soicind. Feách orthu, agus má tá formhór an chraiceann bainte, bain amach as an tuáille iad agus caith an chraiceann sa bhruscar.

  5. Leag amach ar chlár gearrtha iad agus clúdaigh arís iad leis an tuáille. Buail go láidir iad le crann fuinte nó le bun pota nó frioctháin le hiad a bhriseadh beagáinín.

  6. Ullmhaigh an ionad pané do na liathróidí cáise. Cuir an plúr, an ubh buailte agus na grabhróga aráin i mbabhlaí éagsúla. Measc 1tsp de na callóga mara tríd na grabhróga aráin. Scaoil leis an gcuid is mó den ola titim de na liathróidí agus ceann ar cheann clúdaigh le plúr iad, ansin cuir san ubh iad agus ansin sna grabhróga. Ansin, clúdaigh le hubh agus grabhróga gach ceann acu arís. 

  7. Nuair a bheidh na biatais cócaireáilte agus fós te, brúigh dóibh an craiceann le do mhéara faoi uisce fuar. Ba cheart go dtiocfadh sé dóibh go furasta. Gearr ina gciúbaí 1cm iad.

  8. Don bhlastán, cuir na comhábhair ar fad i gcrúiscín le 2 nó 3 phíosa biatais agus déan gach rud a chumasc le chéile le cumascóir láimhe. (Is féidir gach rud a chur sa chuisneoir ag an bpointe seo go dtí go mbeidh tú réidh le hithe.)

  9. Domhainfhriochaigh na liathróidí cáise ar feadh 3 nóiméad go dtí go mbeidh dath donn-óir orthu.

  10. Cuir beagáinín blastán ar an bpláta. Cuir beagáinín ar na duillí sailéad féin i mbabhla agus measc timpeall iad le cinntiú go bhfuil sé scaipthe i gceart orthu. Leag na duillí i lár an phláta. Scaip cúpla píosa biatais agus roinnt collchnónna tríd agus cuir na liathróidí cáise i bhfolach, ar éigin faoi na duilí.