Fataí Briste

Prátaí Briste

Comhábhair

1.5kg prátaí (Orly nó Maris Piper nó Rooster)
50g im
Salann

Níor chaith mo mháthair amach páipéar ime riamh. Má tá cinn coinnithe agat sa chuisneoir, bain úsáid as péire acu leis an trádaire bácála a líneáil anseo, taobh an ime in airde. Mura bhfuil, scaip braoinín ola ar an trádaire le nach ngreamóidh na prátaí dó.

  1. Téigh an oigheann go dtí 200/180/Gas 5 le gaothrán.

  2. Roghnaigh prátaí ar mheánmhéid agus iad ar fad thart ar an méid chéanna. Fág an craiceann orthu. Cuir i bpota measartha mór iad agus clúdaigh le huisce fuar iad le beagáin salainn. Tabhair chun fiuchta iad agus scaoil leo cócaireáil ar feadh 25-30 nóiméad go dtí go mbeidh siad ag éirí bog agus go mbeidh sé furasta go leor briogúin a chur tríothu. Ná bíodh siad ag titim as a chéile. Bain den uisce iad.

  3. Scaip na prátaí amach ar an trádaire. Bain úsáid as brúiteoir le barr gach prátaí a bhriseadh beagáinín. Ná bí buartha má bhriseann sé ar fad, beidh sé go hálainn go fóill.

  4. Gearr an t-im ina gciúbaí beaga 1cm agus cuir ceann acu ar bharr gach práta. Scaip gráinnín salainn thar na prátaí ar fad freisin.

  5. Róstáil san oigheann iad ar feadh 20 nóiméad eile go dtí go mbeidh dath deas ag teacht ar na codanna briste ar an mbarr.