Sicín Scoillte Harissa le Glasraí Rósta agus Dingeacha Prátaí

Tá an aimsir ag éirí níos fuaire agus tá na billí fuinnimhe ag éirí níos mó. Seo oideas deas le haireachtáil níos teolaí agus gan oiread fuinnimhe a chur amú. Is iomaí oideas a deir leat an oigheann a théamh roimhré, agus is minic nach gá é sin a dhéanamh. San oideas seo táimid chun gach rud a chur isteach san oigheann fuar. Beidh feoil an tsicín níos fearr leis an oigheann ag an teocht seo agus cócaireálfaidh sé ar bhealach níos cothroma in achar níos giorra ama agus é scoillte. Is mór an chabhair é tóireadóir le haghaidh an cur chuige seo.

Comhábhair

(dóthain do 6)
1 sicín (saor-raon más féidir)
6 cairéad, nite go maith
6 meacan bán, nite go maith
12 práta ar mheán-mhéid
120ml ola cócaireachta
2tsp taos harissa (Ag braith ar an rud a thaitníonn leat féin, is féidir an harissa a laghdú nó a mhéadú san oideas seo. )
salann


MO

  1. Cas an sicín bun os cionn agus ag baint úsáide as siosúr láidir gearr trí na heasnacha ar dá thaobh an chnámh droma.

  2. Cas timpeall arís é agus brúigh síos é go mbeidh an taobh istigh de réidh ar an dromchla.

  3. Gearr na cairéid agus na meacain ina phíosaí thart ar 1cm. Ní gá dóibh a bheith foirfe ach b’fhiú go mbeadh siad thart ar an tiubhas céanna le go gcócaireálfaidh siad ag an luas céanna.

  4. Gearr na prátaí ina ndingeacha thart ar 1cm tiubh freisin. Cuir isteach i mbabhla mór iad le 50ml ola agus scaip salann tharstu. Measc gach rud le chéile agus scaip na sceallóga amach ar thrádaire rósta.

  5. I mbabhla beag, measc le chéile 50ml den ola agus an harissa ar fad. Scaip leath de ar an sicín agus cuir an leath eile isteach sa bhabhla measctha i dteannta leis na cairéid agus na meacain bhána.

  6. Cuimil on ola isteach i gcraiceann an sicín agus scaip beagán salainn air. Leag amach ar thrádaire rósta é.

  7. Measc na glasraí le chéile leis an ola harissa agus beagán salann sa bhabhla measctha agus ansin scaip amach ar thádaire eile rósta iad.

  8. Cuir gach rud isteach san oigheann agus cuir ar siúl é ag 160C le gaothrán. Fág ann iad ar feadh uair an chhloig, ag corradh na nglasraí agus na fataí ó am go chéile. Seiceáil go bhfuil an cuid is tiubha den fheoil ar an sicín (an brollach agus an cheathrú) os cionn 75C. Ná bíodh an tóireadóir in aghaidh an chnámh nó ní bhfaighidh tú léamh ceart. Mura bhfuil tóireadóir agat déan cinnte go bhfuil an sú ag teacht amach glan as an sicín agus nach bhfuil aon cuid de bándearg ar chor ar bith.

  9. Nuair a bheidh tú sásta go bhfuil an sicín cócaireáilte, bain den trádaire é le sos beag (10 nóiméad) a thabhairt dó sula ngearrfaidh tú é. Le breis blas a chur ar na glasraí rósta, scaip amach ar an trádaire a raibh an sicín ann iad agus creathaigh timpeall iad go mbaileoidh siad cuid den sú álainn atá fágtha ar an trádaire ag an sicín. Cuir ar ais isteach iad ar feadh 5-10 nóiméad eile.

  10. Ag an bpointe seo ba chóir go mbeadh na glasraí deas bog, na prátaí deas brioscánach agus an sicín réidh le gearradh.