Sicín Rósta Simplí 's Fóinteach

Tá neart daoine i mo mhuintir. Is maith linn a bheith ag ithe. Ní gá a rá mar sin gur minic a bhíodh deichniúr nó níos mó ag an mbord don dinnéar ar an Domhnach. Nuair a bhog mé amach, chaill mé an ghné sin de mo shaol ar feadh tréimhse. Níorbh é go dtí gur thosaíos á dhéanamh do mo chuid cairde féin gur thuig mé an draíocht a bhain leis. Is féidir go leor béil a dhéanamh a oireann do dhuine amháin, ach le dinnéar rósta, is gá é a roinnt agus is iontach an bealach é le daoine a thabhairt le chéile.

Tá an t-oideas seo an-simplí agus an-bhlasta.

Nóta: Is féidir le baictéir dhainséaracha a bheith ar shicín amh. Bí cinnte go níonn tú do chuid lámh i ndiaidh é a lámhseáil. NÁ DÉAN an sicín féin a ní. Ní dhéanfaidh sé seo ach cur leis an mbaol go scaipfidh tú baictéir dhainséaracha timpeall do chistine.

Dóthain do: 6

Méid ama: 2 uair an chloig

Fearas:
2 thrádaire róstála atá sách mór leis an sicín a chur orthu agus a bhfuil imeall orthu atá ar a laghad 1 cm ar airde
Scragall stáin
Pota ar mheánmhéid le galchorcán. (Mura bhfuil galchorcán agat, is féidir síothlán miotail a úsáid ina áit. Ní bheidh sé chomh héifeachtach céanna ach déanfaidh sé cúis.)
Scamhaire
Forc gearrtha (déanfaidh gnáthfhorc cúis má bhíonn tú gann)
Brúiteoir

Comhábhair:
Sicín Iomlán (saor-raon, más féidir)
80ml Ola Olóige
6 Sheamaide Tíme (roghnach)
1.5kg Prátaí (tá Maris Piper go deas)
1kg Cairéid
150g Im
2 tsp de Phúdar Anlainn Bisto
1 Oinniún Beag
Salann

1. Bain an sicín den chuisneoir leathuair an chloig sula ndéanfaidh tú é a chócaireáil le scaoileadh leis teacht go dtí teocht an seomra. Déan an t-oigheann a théamh go dtí 210°C.

2. Leag scragall stáin síos ar an trádaire bácála agat, ag cinntiú go dtagann sé suas tharais imeall an trádaire beagáinín ar gach taobh. Cuir spúnóg ola i lár an scragaill agus cuimil thart é.

3. Bain amach do shicín as an bpacáiste. Déan cinnte nach bhfuil aon ní fágtha istigh ann. Bain an tsreang atá timpeall air. Leag droim síos é i lár an trádaire. Bog thart beagáinín é le cinntiú nach ngreamóidh sé agus é á róstáil. Ba cheart go sleamhnódh sé thart go furasta. Cuir na seamaidí tíme isteach sa sicín. Doirt spúnóg bhoird nó dhó d'ola ar fud an tsicín féin. Scaip timpeall ar an gcraiceann uile é le do chuid lámh. Crith beagáinín salainn tharais ar fad.

4. Cuir an sicín isteach i lár an oighinn ar feadh thart ar 30 nóiméad go dtí mbeidh dath deas donn ag teacht air. Ba cheart go mbeadh an chuma chéanna air théis seo is a bheidh air agus é réidh le hithe. Clúdaigh go cúramach le scragall é agus cuir ar ais isteach san oigheann arís é.

5. Scaoil leis an sicín cócaireáil ar feadh uair an chloig eile. Le cinntiú go bhfuil sé cócaireáilte i gceart, sáigh sa chuid is tibhe den bhrollach é. Má bhíonn dath fola le feiceáil sa leacht a shileann amach go fóill, is gá é a chócaireáil níos mó.

6. A fhad agus atá donnú á dhéanamh agat ar an sicín, ullmhaigh na prátaí. Nigh iad, agus gearr ceann ar bith atá i bhfad níos mó ná na cinn eile ina dhá leath le go gcócaireálfaidh siad ar fad ag mórán an luas céanna lena chéile. Cuir na prátaí ar fad isteach i bpota ar mheánmhéid agus clúdaigh le huisce fuar iad. Tabhair chun fiuchta iad agus scaoil leo cócaireáil go dtí go mbeidh siad ag éirí bog agus go mbeidh sé furasta go leor scian a chur tríothu. Bain den uisce iad.

7. Ullmhaigh an dara trádaire rósta. Leag scragall síos air. Gréisigh an scragall le hola. Caith na prátaí amach air. Le brúiteoir, bris gach práta beagáinín agus ansin cuir ciúb beag ime ar gach ceann acu. Crith beagáinín salainn tharsut ar fad.

8. Cuir an trádaire prátaí san oigheann ar feadh thart ar 45 nóiméad, go dtí go bhfeicfidh tú dath donn-óir ag teacht ar na himill.

9. Bain craiceann na gcairéad agus gearr ina mbataí iad. Don anlann, bain an craiceann d'oinniún beag agus gearr go mion é.

10. I bpota beag, i mbeagáinín ola, ar mheánteocht, friochaigh an t-oinniún go mbeidh sé bog agus beagáinín tréshoilseach. Cuir spúnóg charnaithe de Bisto i muga mór agus ansin líon le huisce fuar é. Corraigh go maith é agus cuir sa phota é. Scaoil leis seo fiuchadh go bog ar theocht íseal ar feadh 20 nóiméad. Laghdóidh agus tiubhóidh an t-anlann.

Nod: Cuir spúnóigín d'anlann goinbhlasta tuaithe leis le cur leis an mblas.

11. Nuair a bheidh an sicín cócaireáilte, bain den oigheann é. Ag baint úsáid as forc, bain den trádaire rósta é agus leag síos ar thrádaire gearrtha nó ar phláta é, clúdaigh arís leis an scragall é agus leag tuáille tae thairis sin le hé a choinneáil bogthe. Fág ansin é ar feadh 15 nóiméad sula ngearrfaidh tú é. Doirt sú ar bith atá ar an trádaire rósta isteach san anlann agus corraigh go maith é.

12. 12 nóiméad sula mbeidh tú réidh le hithe, tabhair orlach uisce chun fiuchta i bpota agus galchorcán thairis. Cuir na cairéid isteach sa ghalchorcán agus scaoil leo cócaireáil ar feadh idir 8-10 nóiméad. Braithfidh an tréimhse chócaireála ar an ngalchorcán atá agat, mar sin coinnigh súil ghéar orthu. Nuair a bheidh siad réidh, beidh siad beagáinín inlúbtha sula mbrisfidh siad ach ba cheart go mbeadh plaic leo go fóill. Bain den teas iad láithreach agus rith ruainnín beag uisce fuar tharstu le hiad a stopadh ag cócaireáil.

12. Sáigh an forc gearrtha isteach le go mbeidh sé ar an dá thaobh de chnámh an bhrollaigh. Gearr agus tabhair chun boird an sicín.