Risotto Bíotais Rósta le Cáis Ghorm

Risotto Bíotais Rósta le Cáis Ghorm

Is aoibhinn liom bíotais. Táid éasca le fás, maireann siad i bhfad sa chófra agus tá siad iontach maith duit. Is oideas iontach álainn é seo a bhaineann leas as an dath láidir atá orthu le cuma snasta agus dhifriúil a chur ar do bhéile.

Tá sé iontach úsáideach don lón freisin. Mairfidh sé cúpla lá sa chuisneoir agus bíonn sé go hálainn fiú agus é ath-théite.

Dóthain do: 6

Méid ama: 45 nóim.

Fearas
Scian ghéar
Pota mór
Pota beag (1.5 lítear nó níos mó)
Spúnóg adhmaid
Liach
Mias/Trádaire Bácála
Scragall Stáin
Scamhaire

Comhábhair
3 Bíotas Amh
3 Oinniún Dearg
5 Ionga Gairleoige
1400ml Stoc Glasraí
450g Rís Arborio (Rís Risotto)
100ml Fíon Geal
3 Craobhóg Tíme
100g Ime
2 Taespúnóg Salainn

MO

1. Téigh an t-oigheann go 200 C. Cuir pota beag leis an stoc ar fiuchadh go bog agus cuir isteach ann an tím.

2. Bain craiceann na mbíotas agus gearr ina gciúbaí 1cm iad.

gearr-an-bíotas.gif

3. Línigh mias/trádaire bácála le scragall stáin agus cuir na bíotais isteach ann. Scaip 2 thaespúnóg salainn tharstu. Clúdaigh go teann iad leis an scragall stáin agus cuir san oigheann iad ar feadh 35-40 nóiméad, go dtí go mbeidh siad cócaireáilte tríd, éasca le hithe, ach gan bheith ag titim as a chéile.

rostail-an-biotas.gif

4. An fhad agus atá an bíotas san oigheann, ullmhaigh an chuid eile den risotto. Bain craiceann na n-oinniún agus gearr iad go mion.

gearr-na-hoiniuin.gif

5. Bain craiceann na gairleoige agus gearr go mion í.

gearr-an-ghairleogh.gif

6. I bpota mór ar mheánteocht, déan an t-im a leá. Nuair a bhíonn sé ar fad leáite agus nuair a thosaíonn cúr ag teacht air caith isteach na hoinniúin agus friochaigh go bog iad ar feadh 3 nóiméad. Caith isteach an ghairleog agus friochaigh ar feadh nóiméad eile í. Ansin, caith isteach an rís arborio agus measc le chéile go maith í, á clúdach go maith leis an im.

friochadh-ga.gif

7. Doirt isteach an fíon geal agus scaoil leis a bheith súite agus cócaireáilte amach go hiomlán. Tosaigh ansin, liach i ndiaidh léiche, ag doirteadh isteach an stoc. Ná cuir liach eile isteach go dtí go mbeidh an ceann roimhe súite i gceart. Tógfaidh sé seo ar fad thart ar 20-25 nóiméad. Ba cheart go mbeadh an rís cócaireáilte tríd, le plaic bheag fós ann ach gan bheith cailceach.

cuir-isteach-na-leachtanna.gif

8. Nuair a bheidh sé réidh, bris isteach ann an cháis ghorm agus corraigh thart go maith í. Caith isteach na bíotais rósta agus corraigh leat go dtí go dtiocfaidh an dath bándearg céanna ar an mias ar fad.

cuir-isteach-an-cháis-s-bíotas.gif