Anraith Bliosáin Ghréine Rósta le hOla Collchnónna

Anraith Bliosáin Ghréine Rósta le hOla Collchnónna

Comhábhair
Dóthain do 4-6

600g bliosáin ghréine
5g tím úr
50ml ola síol ráibe
5g salann mara

2 bata soilire
1 oinniúin mór
2 ionga gairleoige

Braon ola collchnónna

Mura miste leat gan an t-anraith seo a bheith veigeánach d’fhéadfá 100ml uachtair a chur leis ag an deireadh ar fad le go mbeadh sé níos aibhre fós fiú ach ní dóigh liom féin go bhfuil aon ghá leis. 

IMG_20201128_105147.jpg
  1. Téigh an oigheann go dtí 200/180/Gas 5 le gaothrán. 

  2. Nigh na bliosáin go han-mhaith agus gearr ina gciúbaí 2cm iad, craiceann fós orthu.

  3. Cuir na bliosáin i dtrádaire róstála agus measc iad leis an ola, leis an salann agus leis an tím .

  4. Róstáil san oigheann iad feadh 25-35 nóiméad, á mheascadh thart uair na dhó le linn an an ama sin, go dtí go mbeidh siad deas cócaireáilte agus beagáinín datha ag teacht orthu ar na himill. Beidh siad breá bog.

  5. Idir an dá linn, gearr na hoinniúin, an soilire agus an ghairleog go mion agus déan iad a bhogadh in ola síol ráibe le beagáinín salainn. 

  6. Ag fágáil na tíme sa trádaire róstála, caith na bliosáin ghréine isteach sa phota le thart ar lítear uisce fiuchta. Scaoil le gach rud cócaireáil le chéile ar feadh 10 nóiméad ansin déan an rud ar fad a chumasc le cumascóir láimhe go dtí go mbeidh sé go hiomlán mín. Más gá, cuir uisce sa bhreis leis. 

  7. Cuir amach i mbabhlaí é agus cuir braoinín ola collchnónna ar an mbarr.

bliosain ghreine