Bliosáin Ghréine Rósta le Tím agus Salann Mara

Bliosáin Ghréine Rósta le Tím agus Salann Mara

Comhábhair

600g bliosáin ghréine
5g tím úr
50ml ola síol ráibe
5g salann mara

Is breá liom an blas atá ar bhliosáin ghréine. Bí cúramach, áfach. Táid lán snáithe ar a dtugtar inulin nach mbriseann síos go dtí go mbaineann sé an stéig bheag amach. Tugaim féin ‘Briomáin Ghréine’ orthu mar gheall ar an tionchar atá aige seo ar an gcóras!

  1. Téigh an oigheann go dtí 200/180/Gas 5 le gaothrán. 

  2. Nigh na bliosáin go han-mhaith agus gearr ina gciúbaí 2cm iad, craiceann fós orthu.

  3. Cuir na bliosáin i dtrádaire róstála agus measc iad leis na comhábhair eile ar fad.

  4. Róstáil san oigheann iad feadh 25-35 nóiméad, á mheascadh thart uair na dhó le linn an an ama sin, go dtí go mbeidh siad deas cócaireáilte agus beagáinín datha ag teacht orthu ar na himill agus gan a bheith ró-bhog.