Falafel le Tzatziki agus Glasraí Rósta na Meánmhara

Falafel le Tzatziki agus Glasraí Rósta na Meánmhara

Bímse i gcónaí sa tóir ar oidis dheasa gan fheoil. Tá sé níos fearr do shláinte an domhain agus do shláinte an duine féin gan a bheith ag ithe feola an t-am ar fad. Seo bealach blasta leis sin a dhéanamh.

Cé go bhfuil go leor céimeanna éagsúla san oideas seo, tá sé fós réasúnta simplí agus gasta nuair a théann tú i dtaithí air. 

Méid ama: 45 nóim

Dóthain do: 4

Comhábhair
4 Ionga Gairleoga
2 Oiniúin Beag (dearg más féidir)
1 Courgette
1 Aubergine
1 Cucumar
2 Phiobar
1 Canna Chickpea in uisce
40g Coriander Úr
20g Mionta Úr
250g Íogairt Nádúrtha
1 taespúnóg cumin meilte
1 taespúnóg coriander meilte
2 taespúnóg paprika
100ml ola olóige
1 spúnóg bhoird sú liomóide
2 spúnóg bhoird plúir
3 taespúnóg salainne

Fearas
Grátálaí
Friochtán
Babhla Measctha
Síothlán
Scian Ghéar
Trádaire Bácála
Meilteoir Bia Láimhe nó Próiseálaí Bia

1. Téigh an oigheann go 180°C.

2. Gearr ceann amháin de na hoiniúin go mion.

gearr-an-oiniun-go-mion.gif

3. Friochaigh ar feadh 5-10 nóiméad é, á chorradh ó am go chéile, go dtí go mbeidh siad bog go maith, bain den teas iad agus cuir i leataobh iad le cur sna falafel.

Friochaigh-na-hoiniuin.gif

4. An fhad agus atá na hoiniúin ag friochadh, déan an cuid eile de na comhábhair don falafel a ullmhú. Gearr 2 ionga gairleoige go mion. Bain na gasanna den choriander agus gearr go mion é. Bain uisce na chickpeas agus nigh le huisce iad.

gearr-an-gairleog-go-mion.gif
gearr-an-coriander.gif

5. Cuir na comhábhair ar fad do na falafel, na hoiniúin friochta, an gairleog atá gearrtha go mion, an cumin meilte, an coriander meilte, leath an paprika, an coriander úr, 5ml sú liomóide, 30 ml íle olóige agus an plúr, isteach le chéile i gcrúiscín nó mias ard cúng eile. Déan iad a mheilt ag baint úsáide as meascóir láimhe.

measc-an-falafel-le-chéile.gif

5. Déan 4 bhurgair den mhéad céanna as an meascán agus cuir sa chuisneoir iad a fhad agus atá tú ag obair ar ghnéith eile an oidis.

déanburgairasanfalafel.gif

6. Anois, ullmhaigh na glasraí rósta. Gearr na piobairí go garbh ina cearnóga 2cm.

gearr-na-piobairí.gif

7. Bain bun agus barr an aubergine agus gearr iad ina slisíní 1cm. Gearr na slisíní ón gcuid is tuibhe de ina dhá leath le go mbeidh siad mórán den mhéid chéanna leis an gcuid eile. Bain bun agus barr na courgette agus gearr ina slisíní 1 cm iad. Cuir na courgette agus na aubergine gearrtha isteach i síothlán agus scaip taespúnóg salainne tharstu. Fág mar sin iad ar feadh 10 nóiméad le go dtiocfaidh roinnt uisce amach astu.

bainuiscenanglasrai.gif

8. Bain bun agus barr an oiniún dearg eile, bain an craiceann agus gearr é ina 8 gcuid.

Gearr-na-hoiniúin-ina-ochtú-cuid.gif

9. Cuir na aubergine, na courgette, na piobairí agus an oiniúin le chéile i mbabhla. Doirt isteach thart ar 50ml íle agus measc timpeall iad le go mbeidh siad clúdaithe go maith. Ansin, scaip an paprika tharstu go cothrom. Cuir san oigheann iad ar thádaire bácála ar feadh 40 nóiméad.

ullmhaigh-na-glasraí-don-oigheann.gif

10. An fhad agus atá na glasraí san oigheann. Ullmhaigh an tzatziki. Bain craiceann agus síolta an cucamair agus grátáil é.

Bain-craiceann-an-chucamair.gif

11. Cuir isteach sa síothlán é agus arís scaip taespúnóg salainne tharais. Measc an salainn síos tríd go hiomlán agus fág ar feadh cúpla nóiméad é.

bain-uisce-an-chucamair.gif

12. Déan ionga gairleoige a mheilt tríd é a ghearradh go mion, beagáinín salainne a scaipeadh tharias agus ansin é a bhrú le forc.

Meilt-an-ghairleog.gif

13. Bain gasanna an mhionta agus gearr na duillí go mion.

Gearr-an-mionta-go-mion.gif

14. I mbabhla, measc le chéile an cuid eile den sú liomóide, an íogairt, an cucamar, an gairleog meilte agus an mionta gearrtha agus cuir sa chuisneoir é.

measc-an-tzatziki.gif

15. Ar fhriochtán te, i mbraon deas íle, déan na burgairí a fhriochadh ar fheadh thart ar 2 nóiméad an taobh go mbeidh siad donnaithe go maith. Cuir san oigheann iad leis na glasraí ar feadh 10 nóiméad.

Friochaigh-an-falafel.gif