Cúcamar Picilte

MO

am: 40 nóim
ullmhúcháin: 10 nóim
feitheamh: 30 nóim agus 30 nóim

Comhábhair
1 cúcumar
100g siúcra mín
100ml fínéagar fíona geal
5g salainne

Ainneoin go bhfuil mé ag plé le bia a leasú le fada is le haghaidh blas i gcónaí a rinne mé é seachas a bheith ag iarraidh fuíollach bia a choinneáil. D’fhásamar cúcamar den chéad uair i mbliana, áfach, agus go tobann tá an-luach ag baint leis an oideas seo picil atá in úsáid agam leis an blianta fada. D’fhoghlaim mé é seo den chéad uair agus mé ag obair in House Café i gcathair Chorcaí agus is breá liom a shimplí agus a bhlasta is atá sé.

Táidear seo go hálainn le burgar, mar shailéad nó má tá tú cosúil liomsa, íosfaidh tú as an bpróca lom iad!

  1. Gearr an cúcamar ina shlisíní tanaí. Is féidir é a dhéanamh le mandolin nó leis an lann cuí ar phróiseálaí bia más mian leat é a bheith gasta agus mar a chéile síos tríd ach déanfaidh scian ghéar cúis bhreá freisin. Níor cheart go mbeadh siad níos mó ná 2mm tiubh. Cur isteach in síothlán iad agus scaip an taespúnóg salainn orthu. Measc timpeall beagáinínín iad le cinntiú go mbeidh an salann scaipthe go maith orthu agus fág sa síothlán iad os cionn babhla ar feadh 30 nóiméad. Nuair a thiocfaidh tú ar ais tabharfaidh tú faoi deara go mbeidh go leor uisce caillte ag an cúcamar mar gheall ar an salann.

  2. A fhad agus atá tú ag fanacht orthu is féidir leat an leacht picilte a ullmhú. Níl le déanamh ach 100ml fínéagar fíon gheal agus 100g siúcra mín a mheascadh le chéile. Is maith liom féin é a chreathadh le chéile sa phróca ina mbeidh an picil féin. Laghdóidh sé an méid a bheidh le glanadh ag an deireadh.
    Nóta: Bí cinnte go bhfuil an próca an-ghlan agus mór go leor don oideas gan a bheith rómhór. Ba chóir go ndéanfadh próca 750ml cúis. Is é is lú aer a bheidh istigh agus é dúnta is é is fearr é.

  3. Nuair a bheidh 30 nóiméad caite ag na slisíní cúcamar leis an salann is féidir iad a chur díreach isteach sa phróca leis an leacht picilte. Déan cinnte go bhfuil gach a bhfuil sa phróca clúdaithe le leacht. Is féidir é a bhrú síos faoin leacht nó is féidir níos mé den leacht a mheascadh agus a dhoirteadh isteach ann. Fág ann iad ar feadh ar a laghad 30 nóiméad agus beidh siad níos fearr fós an lá dar gcionn.

    Ainneoin go bhfuilid picilte, is fearr iad a choinneáil sa chuisneoir agus mairfidh siad breá fada .