Barraí Biabhóige

Tá an aimsir ag dul i bhfeabhas (ar éigin) agus táimid ar fad a cuimhniú ar bhualadh amach ar chuairt ag daoine le suí taobh amuigh (nó taobh istigh) le haghaidh cupán tae. Asneo thíos tá oideas álainn, simplí, sciobtha agam do chácaí beaga biabhóige a bhféadfá a thabhairt leat ag teach carad agus bheidís go deas te le custard nó fuar le huachtar, ag braith ar an aimsir, nach féidir braith air!

Dóthain do: 12 cáca beag

Cómhábhair

Don bhun agus don bharr

200g gnáthphlúr bán
100g siúcra mín
1tsp salann
175g im, fuar as an gcuisneoir
1tsp cainéal

50g coirce

Don lár
300g úlla cócaireachta
300g biabhóg
1 oráiste, sú agus craiceann
1tsp cainéal
100g siúcra
2tsp gnáthphlúr bán


  1. Téigh an oigheann go dtí 180C /160C gaothrán / Gas 4 agus lineáil stán bácála atá thart ar 25cm x 18cm leathan agus ar a laghad 3cm domhain

  2. Seachas an coirce, cuir na cómhábhar tirime ar fad don bhun agus don bharr isteach i mbabhla mór measctha. Leag an babhla ar mheá agus grátáil isteach ann 175g ime. 

  3. Cuimil an t-im isteach sa mheascán tríd é a ardú amach as an mbabhla agus a bhrú idir d’ordóg agus do mhéara ag scaoileadh leis titim ar ais isteach sa bhabhla de réir a chéile, go dtí go mbeidh dealramh aige le gainnimh agus nach mbeidh aon phíosa mór ime fágtha.

  4. Leag an stán bácála ar an meá agus cuir 300g den mhéid atá sa bhabhla measctha isteach ann. Scaip amach go cothrom é agus ansin brúigh síos é go dtí go mbeidh bun an stáin ar fad clúdaithe go cothrom leis an taosrán. Cuir an cuid eile i leataobh don bharr.

  5. Bain úsáid as forc le thart ar 12 poll a chur sa taosrán ar fud an taosráin.

  6. Bácáil an méid seo leis féin san oigheann ar feadh 10-15 nóiméad, go dtí go mbeidh dath éadrom donn-óir ag teacht air. 

  7. A fhad agus atá an bun ag bácáil, ullmhaigh an méid a bheidh i lár báire. Bain an craiceann de na húlla agus gearr den chroí iad. Gearr iad ina slisíní tanaí (thart ar 2mm). Gearr an biabhóg suas go mion. Déan iad a chócaireáil go mall i bpota leis an siúcra, an sú agus craiceann oráiste leis an gcainéal agus leis an bplúr, go dtí go mbeidh sé ar fad deas bog.

  8. Scaip an meascán seo amach ar an mbun atá bácáilte agat.

  9. Measc an 50g coirce isteach leis an méid a choinnigh tú i leataobh don bharr agus scaip an rud ar fad amach go héadrom ar bharr na n-úll. Ná déan é a bhrú síos an uair seo. 

  10. Isteach leis an stán arís san oigheann ar feadh 30-35 nóiméad eile go dtí go mbeidh dath deas donn-óir ar an mbarr. Bain amach as an stán é agus scaoil leis fuarú ar ghreille fuaraithe sula ngearrfaidh tú suas é.