Pota Teolaí ó chúl an Chófra

Deireadh mhí Eanáir atá ann. Tá na pinginí gann agus tá na laethanta fuar. Táimid sa tóir ar oideas blasta coitheathach agus saor. Seo oideas deas a fhreastalaíonn ar gach trá acu agus atá furasta agus véigeánach. Ní theastaíonn ach pota mór amháin ar féidir é a chur san oigheann.

Dóthain do: 6

Am: 1 uair an chloig

Comhábhair
50ml Ola Cócaireachta
2 Oinniún, craiceann bainte, gearrtha go mion
3 Ionga Gairleoige, craiceann bainte, gearrtha go mion
2 Cainnean, nite go maith, gearrtha ina slisíní
3 Cairéad, nite go maith, gearrtha go mion (ciúbaí 1/2cm)
50ml Fíon dearg
2 Tsp Salainn
2 Tsp Siúcra
3 Canna 400g Trátaí Gearrtha
1 Canna 400g Pónairí Duánacha, scagtha agus nite faoi uisce úr
1 Canna 400g Pónairí Cannellini, scagtha agus nite faoi uisce úr
1.5kg Fataí
2tbsp Anlann Soighe
2tbsp Anlann Worcestershire

1. Leath líon an pota mór le huisce, caith isteach beagán salainn agus tabhair chun fiuchta é. A fhad agus atá tú ag fanacht air bain craiceann na bhfataí agus gearr ina slisíní tanaí iad, thart ar 2 nó 3mm tiubh. (Má tá mandolin nó a leithéid agat déanfaidh sé an jab seo i bhfad níos éasca.)

2. Cuir na slisíní fataí isteach, ag déanamh cinnte go bhfuil siad roinnte amach óna chéile agat. Scaoil leo cócaireáil ar feadh thart ar 5 nóiméad, go dtí go mbeidh siad cócaireáilte ach ná bíodh siad ró-bhog agus ag titim as a chéile. B’fhearr iad a bheidh rud beag amh seachas ró-chócaireáilte. Bain amach an t-uisce, ansin bain amach na fataí agus agus cuir i leataobh iad.

3. Cuir an oigheann ar siúl ag 200C. Laghdaigh an sorn go dtí meánteocht íseal. Cuir braon ola i mbun an phota. Isteach ann, cuir na hoinniúin, an ghairleog, na cairéid agus an caineann. Cuir beagán salann leis agus cuir claibín ar an bpota. Scaoil leis na glasraí ar fad bogadh ar feadh thart ar 10 nóiméad, á chorradh ó am go chéile le nach ndófaidh siad ar bhun an phota.

4. Bain an claibín agus doirt isteach an fíon. Ardaigh an teocht go measartha ard agus scaoil leis an bhfíon laghdú go dtí go mbeidh sé imithe, a bheag nó a mhór.

5. Cuir isteach na cannaí trátaí gearrtha, na cannaí pónairí, an t-anlann soighe, an t-anlann worcestershire, 1tsp salann agus 2tsp siúcra. Scaoil leis teacht chun fiuchta. Laghdaidh an teocht beagáinín agus scaoil leis cócaireáil go bog ar feadh 10 nóiméad.

6. Scaip na fataí ar bharr an mheascáin. Ba chóir go mbeadh dóthain agat le sraith gharbh a chur síos ar dtús a rachaidh go tóin poill beagáinín. Ansin, leis an dara sraith, tosaigh ón imeall agus gluais isteach i gciorcal go dtí an lár. Scaip braoinín ola trasna ar an mbarr agus beagáinín níos mó salann.

7. Isteach leis san oigheann gan chlaibín ar feadh thart ar 15-20 nóim go dtí go mbeidh imill na bhfataí ag éirí beagáinín brioscánach agus dath donn óir ag teacht orthu.