Léiriú atá sna 7 gcineál bia seo ar stair chasta na Bolaive

Le tuiscint a fháil ar bhia na Bolaive, is gá cuimhniú nach raibh sé i gcónaí leis féin. Sa stair fhada chasta atá ag an tír bhí sí faoi smacht ag na hIncigh agus ag na Spáinnigh, bhí sí mar chuid den Airgintín agus bhí rochtain aici ar an bhfarraige idir an tSile agus Peiriú. Théis seo ar fad, agus í ina tír neamhspleách, bochtaithe ag an easpa rochtana ar an bhfarraige, is féidir rian na n-athruithe seo ar fad a léamh sa bhia a itear inti. 

Anticuchos  

upload.png

Bhí an Bholaiv ar cheann de na tíortha ba bhoichte ar thug mé cuairt uirthi i Meiriceá Theas. É sin ráite, is i dtíortha bochta is mó a aimseoidh tú miasa a bhaineann úsáid spéisiúil agus chruthaitheach as comhábhair níos saoire agus as gearrthacha feola níos neamhchoitianta. Sin atá in anticuchos, croíthe beithíoch cócaireáilte ar an mbearbaiciú. Táid rud beag níos righne na gnáthmhairteoil ach thaitin siad go mór liom. 

Salteña 

upload.jpg

Mar a bheifeá ag súil leis, tá go leor mias i bpáirt ag an mBolaiv lena cuid comharsan. Tá salteñas an-chosúil le empanadas na Sile agus na hAirgintíne. Ná habair le muintir na Bolaive, áfach, gur ionann iad. Tá taosrán níos tibhe orthu leis an méid atá istigh, atá níos leachtaí, a choinneáil. Bíonn an blas orthu, mar sin, níos cosúla le pióga na Ríochta Aontaithe (stéig agus ae nó sicín agus muisiriún). Thaitin siad go mór liom agus iad níos fóintí ná cuid a gcomharsanan. 

Papas Rellenas

upload.png

Ainneoin a fheabhas agus atáimid ag baint úsáid as prátaí in Éirinn, tá cúpla cleas le foghlaim againn uathu siúd ar leo iad romhainn. Is éard atá in Papas Rellenas (prátaí líonta) ná prátaí brúite le hubh iomlán beirithe i lár báire, clúdaithe le taosrán agus domhainfhriochta. Níl sé casta ach tá sé blasta, go háirithe más Éireannach thú atá i ndiaidh a bheith ag ithe ríse le gach béile le cúpla mí anuas.

Falso Conejo

upload.png

Is éard is brí le 'falso conejo' ná 'bréagchoinín'. Níor mhaith liom a fhios a bheith agam cén fhad síos ar an slabhra bia a bhídís ag dul gur bhraitheadar gurbh fhearr 'coinín' a thabhairt ar an bhfeoil fadó, ach na laethanta seo déantar le mairteoil é, bíodh sí mionaithe nó díreach buailte go tanaí. Fuaireas é sa mhargadh in Sucre agus thaitin sé go mór liom. 

Sopa de Mani (Anraith Piseanna Talún) 

upload.png

Sa Bholaiv (agus i dtíortha eile ar chósta an Aigéin Chiúin), bíonn biachlár socraithe le fáil don lón ar phraghas i bhfad níos saoire ná an gnáthbhia ar an mbiachlár. Uaireanta bíonn sú agus milseog san áireamh sa phraghas ach den chuid is mó anraith agus príomhchúrsa a bhíonn i gceist. Seachas anraithí tiubha cumasctha mar a bhíonn againn sa bhaile, áfach, bíonn siad níos tanaí acu agus cuirtear rudaí cosúil le pasta, quinoa, rís agus eile leo le hiad a dhéanamh níos fóintí. An ceann ba shuntasaí domsa ná an sopa de mani. Ní hé go bhfuil blas air cosúil le him piseanna talún, ach cuireann sé go mór leis an mblas mar sin féin. 

Trucha (Breac) 

upload.jpg

Ní féidir céim a thógáil timpeall ar Loch Titicaca gan teacht ar trucha ar bhiachlár, cócaireáilte ar gach bealach faoin spéir. Aisteach go leor, ní as an gceantar seo dóibh ó dhúchas; thug Meiriceánach isteach sa cheantar iad sna 30idí agus bhí oiread ratha orthu go bhfuilid ar an bpríomhiasc atá le fáil anois sa loch. Cé go bhfuilid fíorthábhachtach do gheilleagar an cheantair is chun dochair do na héisc eile dúchasacha a chuaigh siad agus is trua mar sin nach bhfuil oiread éagsúlachta le feiceáil ar bhiachláir an cheantair is ba cheart.

Pique Macho 

upload.jpg

Seo béile faoi leith. Níl a fhios agam an mbíonn tú macho as é a chríochnú de bharr mhéid an ruda nó a theo is atá na silithe ach is éacht atá ann é a ithe ar cheachtar cúis. Sraith sceallóg, sraith slisíní mairteola, frankfurters domhainfhriochta, uibheacha beirithe, oinniúin, piobairí, trátaí agus rocotos (piobairí áitiúla atá millteanach te). Is gá pleanáil a dhéanamh le go mbeidh dóthain spáis i do bholg agus dóthain uisce in aice leat sula dtabharfaidh tú faoin gceann seo.  

Ainneoin neart torthaí agus glasraí úra a bheith le fáil sna margaí, níl formhór na mias is coitianta sa tír róshláintiúil. Táid lán carbaihiodráití, táid domhainfhriochta agus táid salannach ach bhain mé an-sult astu mar sin féin.