Tortilla Española

Is aoibhinn liom tortilla. Tá sé an-simplí agus an-bhlasta. Bíonn a leagan féin ag gach éinne ó frittatas go cineálacha eile uibheagán, ach is fearr liom féin an rud traidisiúnta i gcás tortilla. Is fearr liom é a choinneáil simplí.

Tá líon na gcomhábhar atá de dhíth ag brath ar mhéad do fhriochtáin. Is fearr liom féin mo thortilla a bheith chomh domhain agus is féidir le go seasfaidh sé ard ar an bpláta. Mairfidh sé sách fada sa chuisneoir agus is féidir é a ithe don bhricfeásta, don lón nó don dinnéar, mar sin ná bí buartha faoi an iomarca a dhéanamh. 

Méid ama: 45 nóim
Makes: 8 slis bhreátha

Ingredients:
2 oinniún mhóra (thart ar 7cm ar leithead)
850g prátaí (bainim féin úsáid as Roosters)
8 ubh mhóra saor-raoin
Ola Olóige (bainfidh tú úsáid as cuid mhór, ar a laghad 100ml)
Salann agus Piobar

Fearas:
Friochtán (Don oideas seo, bainim úsáid as ceann beag, thart ar 20cm ar leithead ag an mbun agus thart ar 3 nó 4cm domhain.)
Spúnóg adhmaid
Pláta mór (ar a laghad chomh mór le bun do fhriochtáin)
Scian ghéar
Clár gearrtha
Scamhaire
Pota meánach (ba cheart go mbeadh sé sách mór leis na comhábhair ar fad a chur isteach le chéile agus a mheascadh timpeall)

MO
1. Gearr na hoinniúin ina dhá leath, bain díobh an craiceann agus gearr ina slísíní tanaí iad (níos tanaí ná leathcheintiméadar).

2. Téigh thart ar 60ml d'ola olóige ar mheánteocht sa fhriochtán. Cuir isteach na hoinniúin agus déan iad a fhriochadh ar feadh leathuaire ar a laghad, á gcorradh go rialta, go mbeidh siad bog agus milis agus díreach tosaithe ag donnú ar éigean. Bain den fhriochtán iad agus fág ann an ola. Cuirfidh an ola seo blas álainn milis ar an tortilla níos déanaí.

Onion_Fry

3. A fhad agus atá na hoinniúin ag friochadh, cuir pota uisce ag fiuchadh (dóthain leis na prátaí a chlúdach)*.

4. Bain craiceann na bprátaí, gearr iad ina dhá leath, bain díobh an craiceann agus gearr ina slísíní tanaí iad (níos tanaí ná leathcheintiméadar).

5. Cuir isteach san uisce fiuchta iad agus scaoil leo cócaireáil ar feadh 7 nóiméad go dtí go mbeidh sé éasca iad a bhriseadh i do lámh, ach ná bíodh siad ag titim as a chéile. Bain amach as an uisce iad agus cuir uisce fuar tharstu le hiad a stopadh ag cócaireáil níos mó.

6. I bpota meánach, déan na huibheacha a bhualadh le chéile le beagáinín piobair agus leath-thaespúnóg salainn. Cuir na hoinniúin agus na prátaí leo agus déan iad a mheascadh le chéile go maith. (Bí séimh leo, níor mhaith leat na prátaí a bhriseadh an iomarca.)

7. Téigh an ola atá sa fhriochtán go fóill ó na hoinniúin arís go meánteocht. Nuair a bheidh sé te, doirt isteach an meáscán ar fad le chéile agus crith an friochtán go bog le go socróidh gach rud síos. Is feidir spúnóg adhmaid a úsáid le hé a dhéanamh réidh ar an mbarr.

8. Scaoil leis an tortilla friochadh ar feadh thart ar 7 nóiméad ag an teocht seo. Nuair a chritheann tú an friochtán anois, ba cheart go mbogfadh sé go héasca ach beidh cuma breá bog ar bharr an mheascáin go fóill.

9. An casadh. Seo an chuid is dúshlánaí, mar sin bí cúramach. Cuir pláta mór ar bharr an fhriochtáin. Ba cheart go gclúdódh sé é ina iomláine. Tóg an friochtán le lámh amháin agus cuir an lámh eile i lár an phláta. Agus an friochtán thairis an doirteal agat, cas leat é le go dtitfidh an tortilla amach ar an bpláta a bheidh anois ar do lámh agat amhail is gur freastalaí thú atá ag iompar trádaire mór. Bí cinnte go bhfuil fána uait sa phláta le nach silfidh aon ola amach ort. Cinntigh go bhfuil taobh thíos an tortilla cócaireáilte i gceart. (Ba cheart go mbeadh sé donnaithe go maith. Mura bhfuil, ná bí buartha, cas ar ais isteach sa fhriochtán é agus déan é a chócaireáil ar feadh nóiméid nó dhó eile.)

01_Tortilla_Flip.gif

10. Cuir an friochtán ar ais ar an teas agus cuir ruainnín beag ola ann. Sleamhnaigh an tortilla ar ais isteach ann, taobh neamh-chócáireáilte de in íochtar. Bain úsáid as do spúnóg más gá aon phráta a bheidh greamaithe leis an bpláta féin a bhrú leis. Ná bí buartha má chailleann tú slisín nó dhó den phráta. Déan an pláta a ní, beidh sé uait arís.

11. Déan an tortilla a fhriochadh mar seo ar feadh 5 nóiméad eile go mbeidh sé cócaireáilte síos tríd (cé gur maith liom féin é beagáinín bog i lár báire).

12. Cas amach ar an bpláta é agus déan cinnte go bhfuil sé donnaithe i gceart ar gach taobh.

Cuir amach é: Cé go mb'fhéidir go gceapfá go bhfuil sé aisteach, is minic a bhíonn sé seo acu i gceapaire sa Spáinn le giota beag mayo.

*le haghaidh blas níos dúchasaí, seachas iad a fhiuchadh is féidir na prátaí a dhomhainfhriochadh ag 130°C ar feadh 4 nóiméad go mbeidh siad cóicearáilte ach gan dath teacht orthu. Tá cur chuige an oidis seo beagán níos sláintiúla, níos sábháilte agus is beag duine a bhfuil domhainfhriochtán acu sa bhaile na laethanta seo.