Roulade POTA

Tá an inmharthanacht lárnach i ngach a dhéanaimid i bPOTA. Déanaimid gach iarracht gan comhábhair a chur amú. As sin ar eascair an t-oideas seo céad lá. Nuair a chuireamar tús lenár mbiachlár Bric-Féasta, thosaíomar ar hollandaise a dhéanamh don POTA Benedict. Bhíomar fágtha le go leor gealachán uibhe agus theastaigh uainn úsáid a bhaint astu. Seo leagan rud beag níos lú den roulade mór a dhéanaimid gach lá sa chaifé.

Comhábhair

3 gealachán ubh
165 siúcra mín
30g collchnónna, gearrtha go garbh
150ml uachtar righin-bhuailte
4 spb subh sú craobh

Dóthain do 6

Am ullmhúcháin: 20 nóiméad.
Am bácála: 20 nóiméad.

  1. Téigh an oigheann go dtí 180C.

  2. Roinn na huibheacha ga han-chúramach. Má éilíonn aon bhuíochán isteach sa ghealachán, cuir i leataobh iad le húsáid le haghaidh rud éigin eile. Tá sé an-deacair meireang ceart a dhéanamh má bhíonn aon ní seachas gealachán agat don mheireang. Cuir na gealacháin isteach i mbabhla an mheascthóra má tá ceann agat nó i mbabhla mór measctha má tá tú ag úsáid greadtóir leictreach.

  3. Buail na gealacháin ar an gcumhacht is airde go dtí go mbeidh siad deas righin, bán. (Tógann sé seo thart ar 3 nóiméad sa mheascóir againn sa chafé ach tógann sé ar a laghad 5 nóiméad sa mheascóir agam sa bhaile, mar sin, is gá é a bhunú ar an gcuma atá ar na gealacháin féin.)

  4. Agus an meascóir fós ag meascadh, doirt isteach an siúcra mín de réir a chéile. Lean ort á bhualadh ag an gcumhacht is airde go dtí go mbeidh beanna righine agat. (Tógann sé seo thart ar 6 nóiméad sa mheascóir againn sa chafé ach tógann sé ar a laghad 10 nóiméad sa mheascóir agam sa bhaile, mar sin, is gá é a bhunú ar an gcuma atá ar an meireang féin.)

  5. Ar thádaire bácála atá líneáilte le páipéar bácála scaip amach an meireang go cothrom go dtí go mbeidh sé 1.5cm tiubh. Scaip na collchnónna ar a bharr go cothrom.

  6. Bácáil san oigheann é ar feadh 20 nóiméad, do dtí go mbeidh dath donn-óir ag teacht ar na codanna is airde. Scaoil leis fuarú go hiomlán.

  7. A fhad agus atá sé ag bácáil, buail an uachtar go dtí go mbeidh sé breá righin. Freisin, má tá an subh atá tú ag úsáid an-righin, is fiú é a scaoileadh amach le braon uisce.

  8. Clúdaigh an meireang le píosa páipéar bácála agus cuir trádaire bácála eile ar a bharr. Cas an rud ar fad bun os cionn. Go han-chúramach, bain an páipéar bácála inar bácáladh an meireang de réir a chéile. Beidh sé greamaithe go maith dó.

  9. Scaip an uachtar buailte go cothrom, thart ar 1cm tiubh, ar an meireang agus tarraing 3 nó 4 líne comhthreomhar leis an subh ó thaobh go taobh (comhthreomhar leis an taobh leathan den mheireang).

  10. Ag baint úsáide as an bpáipéar bácála, ag tosú ar an taobh leathan den mheireang rollaigh an rud ar fad suas mar a bheadh póstaer ann. Ná bain den páipéar bácála ar fad é go dtí go bhfuil tú á chur ar phláta é.